Page:Tain Bo Cuailnge.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
62
TÁIN BÓ CÚAILNGE

sída célci fris dia tarrachtain. Fóitisi techta úadi día saig[thin], arco tíasad na conni, ⁊ bad amlaid tíasad ⁊ sē anarma. Fodéig nī ragadsi achtcona. bantrocht día [d]āilseom. Ludi in techtairi .i. Traigt[h]rén co airm i mbói Cúc[h]ulaind ⁊ adfét dō aithesc Medba. Bágais Cūc[h]ulaind co ndingned samlaid. “Ced ón? [75b] Cinnas as áil duitsiu techt i ndáil Medba imbárach, a C[h]ūchulaind?” or Lǽg. “Amal conniacht (.i. rocuinnig) Medb dano,” ol Cūchulaind. “At móra glonna Medbi,” ol int ara; “atágur lám ar cúl aci.” “Cinnas as dénta dano samlaid?” forse. “Do chlaideb fót choim,” ol int ara, “arnāchatfagthar i mbǽgul. Ar ní dlíg lǣch a enecland dia mbé i necmais a arm. Conid cáin midlaig nondlig fón samailsin.” “Dēntar amlaid iarom," ol Cúchulaind. Is and iarom bái in chomdál i nArd Aignech, frisirāter Fochaird indiu. Tic iarom Medb isin dáil, ⁊ inlis cethri firu déc dia sainmuintir fessin, do neoch as dech engnomma bái díb fora chind. At íatso íatside: dā Glas Sinna, dā mac Buccridi, dá Ardáin, dá mac Licce, dā Glasogma, dā mac Cruind, Drucht ⁊ Delt 7 Dathen, Téa ⁊ Tascur ⁊ Tualang, Taur ⁊ Glese.

Tic íarom Cūc[h]ulaind ina dáil. Ataregat ind fir dó. Sret[h]ais cethri gói dēac i nóenfecht fair. Nosdītin Cú iarom conná riacht toind nō foéschum fair. Imsói fóithib iarom ⁊ marbthus iat a cethri firu déac. Conid íatsin cethri fir dēac Focherda. Ocus is iat fir Chrónige, ar isin Chrónig oc Foc[h]eird robít[h]a. Conid de asbert Cūchulaind:

Fō (.i. maith) mo c[h]erd lǽchdachta
[76a] Benaim bēimend ágmara
For slōg síabra sorchaidi
Certaim ág fri ilṡlūagaib
Im díth erred anglondach
Sceó Medbi ⁊ Ailella
Altai drochn derchoblid
Gossa dubrúin banmassa
Cengait celga úargossa
Fri ág erred angonnach
Congeib dagrūn degmessa
Ocfir diandich dagarliud (.i. ocambi degbríathar)
Imangonna. fó. Fó m.

Combad desin dano rodlil a nainm as Focherd dond inud .i. fó cérd .i. maith in cherd gascid donecmaic do Choinc[h]ulaind andsin.