Page:Tain Bo Cuailnge.djvu/41

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has not been proofread.

29

TÁIN BÓ CÚAILGNE


baius ogum ina taíb. Iss ed ro boí and: arná dechsad nech sechai co ribuilsed err óencharpait. [23a] Focherdat a pupli i sudiu ⁊ dotíagat día léimim ina carptib. Dofuit trícha ech oc sudiu ⁊ brisiter trícha carpat and. Belach nAne íarom iss ed ainm na maigni sin co bráth.

Bíit and co ara bárach. Congairther Fráech dóib. “Tonfóir, a Fraích,” ol Medb. “Díscart dínn in nécin fil fornd. Eirg dúnd ar cind Con Culaind dús in comrasta fris. Tocumlai ass mattain muich nónbor co mboí oc Áth Fúait. Co nacca in nóclaig ocá fothrucud isind abaind. “Anaid sund,” or Fráech fria muintir, “conid rolursa frisin fer nuccut. Ní maith i nusciu,” or sé. Tíscaid a étach de. Téit isin nusci a dochum. “Ná tair ar mo chendsa,” or Cú. “Atbéla de, ⁊ is tróg lim do marbad.” “Ragat óm,” ol Fráech, “co comairsem isind usciu, ⁊ bad chert do chluchi frim.” “Committi són amal bas maith latt,” or Cú Chulaind. “Lám cechtar náthar immáraile,” or Fráech. Atnagait co céin móir oc imtrascrad forsind usci, ⁊ bátir Fráech. Tanócaib súas afrithisi. “In dul so,” or Cú, “in n didma th’ anacol?” “Noco didem,” or Fráech. Atnaig Cú foí atherruch conid appad Fráech. Tocurethar for tír. Berait a muinter a cholaind co mboí isin dúnud. Áth Fraích iss ed ainm ind átha sin co bráth. Coínti a ndúnad nule Fráech. Co naccatar banchuri i ninaraib úanib for colaind Fraích meic Idaid. Focessat úadib issa síd. Síd Fraích ainm int sída íarom. Lingid Fergus darsin nomnai ina charput. Iar slicht aile seo .i. tíagat co mbátar oc Áth Táiten. Toscara Cú sessiur díb and .i. Meislir ⁊ reliqua.

Tíagad ass íarom co mbátar hi Fornocht. Culén la Medb, Baiscne a