Page:Seadna.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
58
SÉADNA

Cáit.—Mhaise, dearna leat, a Cháit an Cheóil! Níor theip an tuathal riamh ort! Cad dúbhairt a fear, a Ghobnait?

Gobnait.—’Dhe, cad a bhí le rádh ag an nduine? B’shin é an udhálta ag Séadna. Nuair a bhí sé gan airgead ní raibh sé sásta, agus ansan nuair a bhí an sparán aige agus cead tarang as, ní raibh sé sásta. Bhí sé chómh deacair do shásamh le fear Cháit an Cheóil.

Cáit.—’Sdó, feuch anois, a Ghobnait, ní thuigean tusa an sgeul i gceart. Nuair a bhí an sparán ag Séadna d’á fhághail níor thug sé uain dó féin ar an gcoinnghíoll do bhreithniughadh. Ansan, nuair a bhí an margadh déanta agus é daingean fé bhrígh na mionn, do bhí uain a dhóithin aige chun machtnaimh. Bhí an aimsir ag imtheacht ar cos i n‑áirde, agus ní raibh aon fhreagra fághalta aige ar an gceist úd, “Cá raighmíd an uair sin?” Nach gunta adúbhairt an Fear Dubh leis é, “Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Nach maith a thuig Séadna féin an sgeul ’na dhiaigh sin, nuair adúbhairt sé leis féin, “Cad é an tairbhe dhom bheith ag cur na ceiste nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Níor thuig sé i n‑am é.

Gobnait.—Am briathar ’s ambasa, a Cháit, go bhfuil eagal orm gur thuig sé go dian mhaith ó thusach é, ach a oiread san dúil a bheith sa sparán aige gur chuma leis. Agus is dóigh liom go raibh a fhios ag an bhFear nDubh gur thuig sé é, nuair a dúbhairt sé leis, “Táir géar-chúiseach.” Isé mo thuairim gur thuigeadar an bheirt a chéile go dian mhaith.

Cáit.—“Tar éis a tuigtear gach beart,” a Ghobnait. Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.