Page:Seadna.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
54
SÉADNA

CAIBIDIOL A SEACHT.

Nuair a chuadar na fir abhaile, gach fear díobh go dtí a lóisdín féin, geallaim-se dhuit go raibh eachtra ins gach tigh. Thánadar na cómharsain isteach ag sguruidheacht. Thug gach gréasaidhe a thuairisg féin ar thurus Dhiarmuda agus ar fhreagra Shéadna. Do rug gach cómharsa abhaile leis a innsint féin ar an sgeul. Ní raibh a leithéid de shult riamh roimhe sin ná riamh ó shin ar fuid na h‑áite. Um an dtaca go dtáinig an Domhnach ní raibh duine óg ná aosta ’sna trí pobalaibh ná raibh an sgeul go léir aige agus a thrí oiread curtha leis. Chífeá na daoine ar na bóithribh ’na dtriúr, ’na gceathrar, ’na ndeichniubhar, agus iad ag innsint an sgéil nó ag cur a thuairisge, agus iad ag titim ar a gcosaibh le sult agus le gáirídhibh. B’fhíor do Dhiarmuid é. Bhí an dúthaigh ag steala-mhagadh fé’n mbeirt.

Máire Ghearra agus Nóra an Tóchair agus Báb an Leasa a bhí go buidheach agus go sásta ’na n‑aigne tré a fheabhas mar chuadar as. Ní raghaidís, ach turus Dhiarmuda bheith chómh h‑áiféiseach agus a bhí sé, agus ainim na géar-chúise go léir ar Dhiarmuid féin.

Nuair a bhíodh a sáith magaidh déanta ag daoinibh fé Dhiarmuid agus fé Shadhbh, do bhíodh nídh eile ar siúbhal acu. Do chloiseadar na fir go léir Séadna ’ghá rádh ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil. Níor chuir aon fhear acu athrughadh focail sa méid sin de’n sgeul. D’airigh Máire Ghearra é. D’airigh Nóra an Tóchair é. D’airigh Báb an Leasa é. D’airigh gach aoinne é, agus ní raibh duine d’ár airigh é nár choimeád go cruinn é. B’shin í an cheist acu. B’shin í an adhb.