Page:Seadna.djvu/279

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

tú mo ghnó-sa,” arsa ’n Fear Dubh. “Is dóich leat-sa gur ó n-a namhaid a thagan mí-ádh agus mí-fhortiún agus aimhleas ar dhuine. Tá dearmhad mór ort. Caradas agus muíntearthas agus grádh agus ionmhuine isiad a tharaingean chun aimhleasa leath an tsaoghail, ní h-eadh, ach formhór an tsaoghail. Béidh duine ar a chosaint féin i n-aghaidh a namhad ach ní bhéidh sé ar a chosaint féin i n-aghaidh a charad. Má gheibhean duine cómhairle a aimhleasa ó n-a namhaid ní ghlacfaidh sé an chómhairle. Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choídhche uaidh féin. I n-aghaidh an aon duine amháin a dhéinean a aimhleas as a chómhairle féin, tá fiche duine agus is cómhairle ó charaid a chuirean suas chuige iad. Dá leigtí dhóibh féin b’ fhéidir gur b’ é a leas a dhéanfaidís. Dá mba ó namhaid a gheabhaidís an chómhairle ní baoghal go nglacfaidís an chómhairle. Is minic a dhéin duine a leas le diúltughadh do chómhairle a gheabhadh sé ó namhaid. Ní h-ó n-a namhaid a bhíon duine i gcontabhairt a aimhleasa choídhche ach ó n-a cháirdibh. D’á dhílse é an caradas iseadh is mó an chontabhairt agus is measa an t-aimhleas, mar iseadh is tugtha an géille. Má ’s grádh do mhnaoi a bhéidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin deire le cómhairle leasa agus sin deire le cosaint ag an nduine sin air féin. Sin deire le ciall agus le meabhair agus le tuisgint agus le breitheamhantas an duine sin. D’á fheabhas í an bhean iseadh is críochnuighthe an mhí-chiall sa bhfear. Má thugan bean áluinn, fhóghanta, chiallmhar, dhathamhail, óg, grádh a croídhe go h-iomlán do’n fhear san, agus eisean di sin, déanfaidh an fear san éagcóir ar a bhreitheamhantas féin agus déanfaidh sé a aimhleas os cómhair a shúl níos túisge ’ná mar a dhéanfadh sé rud ba dhóich leis ná taithnfeadh léi-se. Agus déanfaidh sise an cleas céadna díreach