Page:Seadna.djvu/113

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
109
SÉADNA

Gobnait.—An rascail! Agus feuch cad d’imthigh air.

Síle.—Cad d’imthigh air, a Ghobnait?

Cáit.—D’imthigh an rud a bhí tuillte aige, a Shíle, é chur an loch amach.

Gobnait.—D’airigheas-sa gur ró dhóbair go gcrochfaí é.

Cáit.—Mar sin bhí sé amuich air go raibh sé pósta trí h‑uaire, agus gur mhairbh sé an cheud bhean, ach níor daoradh ann é.

Síle.—Dar ndóigh, ní fhéadfadh sé bheith pósta trí h‑uaire agus an triúr ban beó.

Gobnait.—Ná féadfadh sé a leigint air le gach mnaoi dhíobh ná raibh sé pósta ach aici féin?

Síle.—Airiú, an bitheamhnach! Nár mhór an éagcóir agus an t‑éitheach dó a leithéid sin a dhéanamh.

Gobnait.—Is dócha gur bheag aige siúd bréag mhór, agus gur bh’éadtrom aige éagcóir throm.

Cáit.—Is beag an sgeul é bheith imthighthe an loch amach.

Gobnait.—Is beag; agus is beag an sgeul gan puínn d’á shórd a bheith ’na dhiaigh.

Síle.—Ach cogar, a Pheig. Ní fheadar cad é an buadh a bhí sa tseóid úd a thug an bhean chos-nochtaithe do Shéadna agus a rádh gur imthigh an bhuairt mhór chómh tapaidh dhe. Nach truagh gan a leithéid ag gach aoinne go mbéadh buairt air!

Peig.—Do réir mar a thuigeas-sa an sgeul, a Shíle, a chuid, ceapaim gur ’mó duine go mbíon an tseóid úd aige, agus go ndéinean sí maolughadh ar bhuairt dó.

Síle.—Conus é sin, a Pheig?

Peig.—An t‑é a bhrúighfidh féi a mhian agus a shéanfaidh a thoil ar son Dé, nó ar son an tSlánuightheóra, nó ar son an chirt, béidh cuimhne an ghnímh sin ’na chroídhe, agus nuair a thiocfaidh buairt air, ní bhéarfaidh an bhuairt greim ar chroídhe air.