Page:Mo sgeal fein.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
36
MO SGÉAL FÉIN

bhéadh agam ar an nGaeluinn bhéadh an cur amú céadna aici-si ’á dhéanamh orm i dtaobh an Bhéarla. Ach do fuaras greim fé leith ar gach arm de’n dá arm aigne, agus eólus fé leith ar conus gach arm acu do láimhseáil; ansan, i n-inead bheith ag cur a chéile amú orm, is amhlaidh a bhíd siad ag cabhrughadh le n-a chéile agam.




VI
AN GORTA

Chómh luath agus bhíon aon chiall ag teacht do leanbh is gnáth daoine bheith ag cur na ceiste chuige cad í an ghairm beatha bhéadh aige nuair a bhéadh sé mór. Is cuimhin liom go maith an cheist sin a bheith dh’á cur chúgham féin go fíor mhinic. Ní cuimhin liom go raibh aon fhreagra riamh agam le tabhairt ar an gceist ach an t-aon fhreagra amháin, .i. gur am’ shagart a bheinn. Bhí an méid sin socair os cómhair m’ aigne ó thosach, agus ní cuimhin liom go raibh a mhalairt riamh os cómhair m’ aigne, ná ní cuimhin liom cathain a thosnuigh m’ aigne ar bheith ’ghá shocarughadh gur am’ shagart a bheinn nuair a bheinn eirighthe suas.

Tá fhíos agam go maith go mbíodh daoine ag déanamh magaidh de’n sgéal, mar ba léir do gach aoinne ná raibh i n-aon ghaor do’n ghustal riachtanach agam’ athair chun tabhairt fé n-a leithéid d’obair. Bhí fhíos agam féin, leis, chómh luath agus tháinig aon tuisgint dom,