Page:Mo sgeal fein.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
32
MO SGÉAL FÉIN

solusmhaire, nách féidir liom a dh’fhághail anois i n-aon tsórd cainte d’á bhfuil ar siubhal, i mBéarla ná i nGaeluinn. Tá bárr ’á thabhairt do’n mhódh sgurtha sa Ghaeluinn, agus módh sgurtha ar fad iseadh an Béarla. Tá an Béarla tuitithe as a chéile ar fad.

Mura mbéadh an bhean úd a tháinig adtuaidh agus do thug léi an ainim chúil le cine úd, ní bhéadh “Peadar” mar ainim orm-sa. B’fhéidir ná beinn ann i n-aon chor. Agus mura mbéadh gur díbreadh amach ameasg na gcnuc seana Bharnabí agus a bheirt mhac, Diarmuid agus Peadar, ní bhéadh an Ghaeluinn agam, nó ní bhéadh sí ar aon tslacht agam, agus ní bheinn ’ghá sgrí anso anois mar atáim. Táim ag déanamh mo dhíchil ar í chur síos am’ sgríbhinn díreach mar a fuair mo chluas í ó dhaoine mar sheana Dhiarmuid ua Laoghaire agus mar Mhicheál Dubh, agus mar Mháire Ruadh, agus mar a h-inghean, .i. Peig.

Ach má bhí caoi mhaith agam ar an nGaeluinn a bheith agam ar áilleacht ó’n gcéad neómat n-ar thosnuigh caint ar theacht dom, bhí caoi mhaith agam, leis, ar Bhéarla bheith agam ar an áilleacht gcéadna díreach, ó’n gcéad neómat gcéadna. Seo mar a thárla san. Bhí, mar adúbhart, athair mo mháthar, Conchubhar ua Laoghaire, ’n-a chómhnuighe ar an Mullach Ruadh, cheithre mhíle ó-thuaidh ó Shráidh an Mhuilinn. Bhí feirm mhór thailimh aige ann, agus talamh foghanta ab eadh é, murar bh’ ionan agus portaighthe agus caraigreacha Lios Caragáin. Bhí féar dachad bó aige de’n talamh san, agus bhí sé acfuinneach neamhspleadhach go maith. I n-éaghmuis é bheith acfuinneach, fear creideamhnach ab eadh é go raibh meas ag uasal agus ag íseal air. Bean ana chreideamhnach, ameasg uasal agus íseal, leis, ab eadh an bhean a bhí pósta aige, Neill ní Icídhe,