Page:Mo sgeal fein.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
20
MO SGÉAL FÉIN

uirthi. Ní fheadar cad ’n-a thaobh gur tugadh “Árd Phádraig” uirthi, murab amhlaidh a mheas duine éigin go raibh deabhramh éigin aici leis an Árd Phádraig úd atá lastuaidh de’n Bhearnain Dearg i gContae Luimnighe. Pé ’n Éirinn é, bhí aithne mhaith agam-sa ar an Árd Phádraig a bhí i n-ár gcuid tailimh féin abhfad sar ar chuireas eolus ná aithne ar an Árd Phádraig eile.

Is dóich liom, leis, gur am’ sheasamh ar lár na Páirce Dronnaighe a bhíos, am’ sheasamh ar bhara na druinne, nuair a leigeas mo shúil an chéad uair riamh ar Dhaingean na Saileach. Siar ó-dheas uaim iseadh chonac an daingean san, agus isé a bhí ag féachaint go garbh agus go goirgeach agus go míchomhthromach. Níor mhisde daingean a thabhairt air. Níor dhóich le duine go bhféadfadh aon rud beó dul isteach air; agus dá dtéigheadh rud isteach ameasg na gcaraigreach san ná béadh aon bhreith aige ar theacht amach go deó asta, táid siad chómh mí-chuíbhsach san, chómh h-anspianta san. Ach cad ’n-a thaobh gur tugadh Daingean na Saileach air? Ní raibh oiread agus an meathán ba shuaraighe de shlait sailighe ná de shlait fuínseóige ná d’aon tsaghas eile slaite le feisgint ar na caraigreachaibh géara glasa loma atá air, ó’n gceann thuaidh dé go dtí an ceann theas, ná ó n-a mhullach go dtí a bhun. Bíodh, ámhthach, go raibh san mar sin an chéad lá a fuaras-sa radharc siar air ó lár na Páirce Dronnaighe, do h-innseadh dom ’n-a dhiaigh san ná raibh na caraigreacha chómh nochtaithe sin i gcómhnuighe. Dubhairt fear liom a bhí trí fichid blian d’aois nuair a rugadh mise, go raibh Daingean na Saileach clúdaithe go breagh le coilltibh nuair a bhí sé féin ’n-a gharsún, agus ná béadh bac air dul ó’n gceann thuaidh go dtí an ceann theas