Page:Mo sgeal fein.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
15
LIOS CARAGÁIN

isteach gan an dá leath-bhata do shíneadh le chéile airís, agus nuair a sínfí le chéile iad do chaithfeadh na fáibrí teacht isteach le n‑a chéile cruinn, fé mar a gearadh iad ar dtúis.

Sar a dtáinig an dubh ar na prátaí bhíodh an toradh chómh maith san go mbíodh a ndóithin mór bídh, i gcóir na bliana, ag lín-tíghe ná béadh ró mhór, sa méid prátaí a bhéad sa leath-acra tailimh leasuighthe. Dá mbéadh lín-tíghe mór ann ní bhéad acu ach breis tailimh leasuighthe do bheith sa gharaidhe acu. Ní raibh aon chuimhneamh acu ar aon tsaghas eile bídh, agus dá mbéadh féin ní raibh aon fhághail acu air. D’fhág san i bpúnc uathbhásach iad nuair a tháinig an dubh ar na prátaí.

Ach i dtaobh Mháire Ruadh. Bhí an garaidhe aici féin agus ag Labhrás. Tháinig an dubh air. D’airigheas í féin ’ghá innsint conus mar a chaith sí an lá ag féachaint ar an ngaraidhe, nuair a bhí na gais ag lobhadh agus ag tuitim, agus í ag gol, agus ná féidir sí an domhan cá bhfaighdís aon rud le n‑ithe. Ní raibh aon mhaith sa gharaidhe. Nuair a bhí pé raint bídh a bhí sa tigh ithte acu, do ghoill an t‑ocras ar Labhrás bocht. Tháinig dathacha air. Ní fhéadfadh sé eirighe as an leabaidh. B’ éigean do Mháire gabháil amach ag “soláthar,” mar a deirtí, .i. a d’iaraidh déarca. D’imthigheadh an bhean san amach ar maidin, agus í ar dúbh-chéalacan, agus théigheadh sí siar go Claedig, treasna na gcnuc, ceathair nó cúig de mhíltibh slíghe. Bhí daoine muínteartha éigin ansan aici. Do tugtí galúinín bainne dhi. Thugadh sí léi abhaile an galúinín bainne sin. Chuireadh sí ar an dteine é go dtí go ndeineadh gruth agus meadhg dé. Ansan do thughadh sí an gruth do Labhrás agus d’óladh sí féin an meadhg. Do lean an bhean san ag déanamh an ghnímh sin go dtí