Page:Mo sgeal fein.djvu/212

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Léigh é, pé rud é!” arsa’n rí.

Seo mar a léigh sé amach:

“Is mairg do’n rígh a shanntuighean eólus atá os cionn a thuisgiona agus gníomh atá os cionn a chumais.”

“Baintear leath na féasóige dhé,” arsa’n rí, “agus imthigheadh sé as mo radharc!” Do baineadh, agus d’imthigh. ’N-a dhiaigh san bhíodh an rí féin ag casadh leis an sgríbhinn do léigheadh, ach do theipeadh air i gcómhnuighe. Chíodh sé, ámhthach, bíodh na féadadh sé an sgríbhinn do léigheadh, nár bh’ é an sgríbhinn céadna é aon dá lá as a chéile. B’shiné an údhálta agam-sa agus ag an sgríbhinn a fuaras ó’n mnaoi uasail úd. D’innseas an méid sin di sa leitir a chuireas chúichi. Is dócha gur mheas sí gur ag magadh fúithi a bhíos, mar níor sgríbh sí chúgham ó shin.


XXIX
BAILE MHISTÉALA

I lár an choímeasgair a bhí ar siúbhal i nDún ar Aill, idir thineóntaithibh agus máighistirí talmhan, do shrois tuairisg sinn ar choímheasgar eile a bhí eirighthe i mBaile Mhistéala thoir. Do shuidh cúirt i mBaile Mhistéala. Bhí beirt ghiúistísí ar an mbínse ann, .i. fear d’ár bh’ ainim Eaton, R. M. agus Captaen Stokes, R.M. Agus bhí aturnae coróinneach ann agus Edward Carson ab ainim dó; Sir Edward Carson a tugtar air anois, sa bhliain seo d’aois an Tighearna míle