Page:Mo sgeal fein.djvu/197

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“‘Cé thug duit é seo?” ar seisean.

“‘Duine bocht atá amuich ag an ndorus, a Athair,’ ar sise.

“‘Cuir chúgham anso isteach é,’ ar seisean.

“Do cuireadh isteach Seághan.

“‘Cé thug an páipéar so dhuit?’ arsa’n sagart.

“D’inis Seághan a sgéal dó chómh maith agus d’fhéad sé é.

“‘Agus an tusa Seághan ua Gríobhtha?’ arsa’n sagart.

“‘Is mé, a Athair,’ arsa Seághan.

“‘Tuigim,’ arsa’n sagart. Do baineadh an t-ocras de Sheághan, agus do tugadh oiread mine dhó agus d’fhéad sé a bhreith leis.

“‘Agus,’ arsa’n sagart leis, ‘abair leis an bhfear a thug an páipéar so dhuit teacht chúgham anso ar maidin, go bhfuil gnó agam dé.’

“Amáireach a bhí chúghainn d’imthigh an file ó-thuaidh go Baile Mhistéala, agus do tugadh a dhóithin le n-ithe dhó, agus nuair a bhí a dhóithin ithte aige do tugadh culaith éadaigh dó, agus dúbhradh leis teacht airís nuair a bhéadh gádh aige le biadh nó le h-éadach.”

Aoinne do léighfidh le h-aireachas an blúire filidheachta san a sgríbh an Barrach chífidh sé nídh is fiú dhó a thabhairt fé ndeara. Chífidh sé ná fuil sa bhéarsa ach fíor bheagán cainte ach go bhfuil oiread ráidhte sa bheagán cainte sin agus ná déarfaí as Béarla le n-a sheacht n-oiread cainte.

Tá fabhar ag an bhfile le h-iaraidh ar an Athair Murchadh. Molan sé a “ghuntacht” agus a “líomhthacht.” Níor mhór caint fhada sa Bhéarla chun an dá mholadh san do dhéanamh, agus ní dhéanfadh an chaint fhada Bhéarla an dá mholadh leath chómh deas agus