Page:Mo sgeal fein.djvu/194

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

tuairisge na gcómharsan air, féachaint cé r’ bh’ iad a bhí imthighthe anonn, nó tar éis bháis, ó fhágas an pharóiste naoi nó deich de bhlianaibh roimis sin. Sa cheistiúchán dom d’fhiafraigheas dé cá raibh “Barry the Rake,” nó an raibh sé tar éis bháis.

“Tá sé tar éis bháis, an fear bocht,” ar seisean, “gura maith an mhaise dh’á anam é!”

“File ab eadh Barry the Rake,” arsa mise.

“Dob’ eadh go deimhin, a Athair,” ar seisean, “agus d’airigheas-sa blúire filidheachta a dhein sé agus go deimhin do dhein sé go h-ana dheas é.”

“Abair dom é,” arsa mise leis, “má tá sé agat.”

“Tá sé agam, a Athair,” ar seisean. “Sa droch shaoghal ab eadh é,” ar seisean, “agus bhí an t-ocras ar gach aoinne. Bhí duine bocht gur bh’ ainim dó Seághan Ó Gríobhtha ’n-a chómhnuighe thuaidh ansan ar Cathair Druinne, agus duine bocht ná raibh ró ghasta ann féin ab eadh é. Bhí sé pósta, agus ní raibh aon ghastacht mhór sa mhnaoi ach chómh beag leis féin. Bhí inghean acu agus ba lúgha an ghastacht a bhí sa n-inghín ’ná mar a bhí i n-aoinne de’n bheirt. Théigheadh Barry the Rake go dtí an tigh go minic, agus bhí aithne mhaith aige ortha. Gheibheadh sé bheith istigh uatha uaireanta, agus béile bhídh. Bhí sagart paróiste thuaidh i mBaile Mhistéala an uair sin, agus is dócha gur cuimhin leat é, a Athair. Murchadh ua Briain ab ainim dó.”

“Is cuimhin liom é go maith,” arsa mise, “agus bhí aithne mhaith agam air.”

“Bhail,” ar seisean, “bhí an t-ocras i sráid Bhaile Mhistéala chómh dian agus bhí sé i n-aon bhall, mar bhí a lán daoine bochta ann agus bhíodar ana dhealbh. Bhí an sgéal chómh h-olc san acu go raibh an t-Athair Murchadh ag ceannach mine agus ’ghá raint ortha i dtreó