Page:Mo sgeal fein.djvu/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

thuas ar an árdán agus gach aon tsagart acu, fé mar a labhradh sé, ag labhairt níba dhána agus níba dhásachtaíghe ’ná an t-é a labhair roimis, do thosnuigh an ghruaim agus an t-eagla agus an droch iontaoibh ar imtheacht as a ngnúisibh. D’fhéadas a léigheadh i n-aghaidh gach duine acu, chómh soiléir díreach agus dá labhradh sé liom, an chaint seo: “Seadh! an fhaid atáid na sagairt sin go léir ansúd thuas ar an árdán ní baoghal dúinn!” Chonac an méid sin agus bhí áthas mór orm, agus bhíos ana bhuidheach des na sagartaibh mar gheall ar theacht agus ar seasamh ansúd, idir na feirmeóiríbh bochta agus na h-annsgiain a bhí ag fásgadh an anama asta. Bhí áthas mór eile orm, leis, agus cúis ba mhó ’ná san féin agam chun an áthais. Fé dheire thiar thall bhí le feisgint ag an saoghal mór nách aon bháidh le muíntir Shasana ná le n-a ndlighthibh fé ndeara do shagartaibh na h-Éirean bheith i gcoinnibh na bhFíníní, agus gur mhór agus gur thiubaisteach an éagcóir a deineadh ortha nuair a dúbhradh gur bh’ eadh.


XXIV
ATHARUGHADH AR AN SAOGHAL

Do cuireadh buidhean de’n Land League ar bun sa Ráth. Thagadh na feirmeóirí ó’n gcómharsanacht isteach ann cúpla lá sa tseachtmhain. Do dhíoladh gach aoinne acu raint bheag airgid chun costais na buidhne. Raint