Page:Mo sgeal fein.djvu/171

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
XXII
AN SGOIL SA RÁTH

Bhailigheas chúgham mo chuid triosgáin agus mo chuid leabhar agus siúd ó-thuaidh mé. Chuas chun cainte leis an sagart paróiste thuaidh. D’inis sé dhom conus a bhí gach aon rud le socarughadh; gur i seómra am’ thigh cómhnuighthe féin a bhéadh an sgoil; go ndíolfadh gach duine des na sgoláiríbh a deich fichid sa rátha. .i. sé púint sa mbliain; go dtosnóchadh obair an lae ar a deich ar maidin agus go gcríochnófaí ar a dó sa lá. An t-airgead a dhíolfadh na sgoláirí as a sgolaidheacht go gcurfí sa chiste é, i dteannta na h-ofrála, agus ansan go rainnfí ar na sagartaibh é díreach mar a rainntí an ofráil. Ar an gcuma san go mbéadh mo chion dé ag teacht chúgham-sa fé mar a bhí mo chion de’n ofráil ag teacht chúgham. Go mbéadh ar na sagartaibh eile gnó na paróiste dhéanamh agus ná béadh orm-sa a dhéanamh ach obair na sgoile.

D’éisteas leis an socarughadh san gan aon fhocal do rádh amach as mo bhéal. Do h-osgaladh an sgoil. Tháinig raint buachaillí. Chuireas ag obair iad. I gcionn raint laethanta tháinig cuid dem’ buachaillíbh féin chúgham. Tháinig beirt nó triúr ó Ráth Chormaic agus duine ó Maghchromtha. Agus tháinig Toirdhéalbhach ua Siadhail ó Bhaile Mhistéala. Thógadar lóisdín dóibh féin sa tsráid. Chuireas isteach sa n-obair iad, fé mar a bhíodar oireamhnach chuige.

Bhí an obair ar siúbhal ansan, ach bhí aon nídh amháin ag déanamh buartha dhómh-sa. Chonac an cruinneas a thaisbeáin an sagart paróiste i dtaobh an airgid,