Page:Mo sgeal fein.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
2
MO SGÉAL FÉIN

d’eirigheadar amach airís. Nuair a bhí an t‑eirighe amach san d’á bheartughadh iseadh adúbhairt file éigin:—

“Bliain a dachad beidh aitean gan síol gan bhláth,
’S an bhliain i n’aice beid Sasanaigh sínte ar lár.”

Ba ró dhóbair go dtagadh an focal san fíor an uair sin. Tháinig Eoghan Ruadh ua Néill, mac drithár d’Aodh ua Néill, anall go h‑Éirinn, agus do cuireadh i gceannas Gaedhal Uladh é. Fear stuama, cródha, éirimeamhail, oilte ar chogadh agus ar ghnóthaíbh cogaidh, ab eadh é, mar ba dhual dó bheith. Tháinig mórán de chlainn na n‑uasal a díbireadh tar éis bhriseadh Chionntsáile, thánadar anall ó’n Spáinn agus ó’n bhFrainnc agus ó áiteanaibh eile de’n Eúróip, agus níor bh’fhada go raibh slóighte líonmhara Gaedhal ins gach cúig de chúigíbh na h‑Éirean, agus iad “ag seasamh a gcirt.” Do leanadar ag “seasamh a gcirt” go dtí gur dhein Eoghan Ruadh ua Néill, ag an mBeinn mBorb, gníomh díreach de shaghas an ghnímh a dhein dritháir a athar agus Aodh Ruadh ua Dómhnaill ag Béal an Átha Buidhe deich mbliana agus dachad roimis sin.

Bhí uaisle Gaedhal agus sean Ghall cruinnighthe an uair sin i gCill Chainnigh agus iad ag déanamh dlighthe agus riaghalta do mhuíntir na h‑Éirean, agus gan ar chumas mhuíntir Shasana aon chur isteach a dhéanamh ortha ná aon chosg do chur le n‑a ngnó. Ach nuair a rug Eóghan Ruadh ua Néill an buadh uathbhásach ag an mBeinn mBorb tháinig éad ar chuid des na h‑uaislibh Gaedhlacha eile. I ndiaigh ar ndiaigh do mhéaduigh agus do leathanuigh an fuath agus an droch aigne acu dhó-san agus d’á chéile. Tháinig easaontas, leis, sa Chomhairle, i gCill Chainnigh, idir na Gaedhil agus na