Page:Mo sgeal fein.djvu/139

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

déag agus cheithre fichid. Nuair a bhíos-sa bliain agus rátha i gCill Sheanaigh chuir an t-Easbog soir go Cill Úird mé, agus beagán aimsire ’n-a dhiaigh san chuaidh an t-athair Tomás ó-dheas go h-Iniscairthe. Ansan iseadh fuair sé bás agus é aon bhliain déag agus cheithre fichid, tar éis é bheith trí fichid blian ’n-a shagart. Bhí obair chruaidh air cuid de’n aimsir sin. Chonaic sé an droch shaoghal go léir. Chonaic sé na daoine ag fághail bháis cois na gclathach agus ar na bóithribh —— agus an biadh ag imtheacht thar faraige chun cíosa dhéanamh dos na máighistiríbh talmhan. Ní féidir liom cuimhneamh air anois féin gan buile feirge theacht orm.

Is cuimhin liom go maith an lá fhágas Beinn na Míol agus mé ag dul go Cill Úird soir. Do cuireadh ríghneas éigin ar leitir an Easboig. Níor tháinig sí chúgham go dtí ar maidin Dé Satharainn. Níor mhór dhom bheith i gCill Úird ar maidin Dé Domhnaigh a bhí chúghainn chun dá Aifrean do rádh, an chéad Aifrean acu amuich i n-Araiglinn, agus Aifrean a dódhéag i gCill Úird.

Bhí láir mhaith agam agus trap beag deas éadtrom. Chomáineas liom isteach go Malla agus an bóthar soir ó Mhalla. Nuair a bhíos cúpla míle soir ó Mhalla thugas fé ndeara an lá ag dorchughadh.

“Tá eagal orm go mbeidh tóirthneach againn,” arsa mise am’ aigne féin.

Le n-a linn sin d’airigheas fothram trom láidir éigin nár airigheas riamh a leithéid eile.

“Ní tóirthneach é sin!” arsa mise am’ aigne.

Do stadas an láir agus d’fhanas tamall am’ stad féachaint an aireóchainn airís é. Níor airigheas. Bhíos ag cuimhneamh agus ag cuimhneam féachaint cad leis