Page:Mo sgeal fein.djvu/135

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

san. Mura mbéadh an sgeón agus an sgannradh agus an ghráin a bhí istigh i gcroídhe mhuíntir Shasana ní crochfaí na fir.

Nuair a bhí an triúr ’n-a seasamh ar chlár na croiche agus an téad ar mhuineál gach fir acu, do phógadar a chéile agus díreach sar ar baineadh an clár ó n-a gcosaibh, “A Dhia, saor Éire!” ar siad. Do lean an focal san i mbéalaibh Éireanach ó shin, agus leanfaidh an fhaid a bheidh duine de shliocht Gaedhal beó ar thalamh na h-Éirean. Agus, an fhaid chéadna díreach, beidh clú an trír sin ag dul i méid agus i n-oirdhearcas, agus beidh aithis Shasana ag dul i ngráinneamhlacht.


XVII
I GCILL SHEANAIGH AGUS I GCILL ÚIRD

An fhaid a bhíos i bparóiste Chill Sheanaigh bhí orm dhá Aifrean do rádh gach aon Domhnach agus gach aon lá saoire. Thugainn seanmóin uaim ag gach Aifrean díobh, seanmóin as Béarla ag Aifrean díobh, agus seanmóin as Gaeluinn ag an Aifrean eile. Tá trí séipéil sa pharóiste, séipéal i gCill Pheadair, séipéal sa Ghleanntán, agus séipéal ag Beinn na Míol. Ní foláir Beinn na Míol a thabhairt air, mar tá Beinn eile siar ó-dheas uaidh agus Beinn na Leacht a tugtar air. Is minic a tháinig glaodhach ola sa n-oídhche chúgham ó Bheinn na Leacht.

Is cuimhin liom aon ghlaodhach ola amháin díobh agus