Page:Mo sgeal fein.djvu/121

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

de’n pharóiste a cuireadh am’ chómhnuighe mé, ar an mBeinn. “Beinn na Míol” an ainim iomlán. “Míol mhaíghe” a tugtí ar “ghiorfhiadh,” agus bhíodh mórán giorfhithe sa n-áit, agus uime sin a tugadh “Beinn na Míol” ar an sliabh san. Sin mar a mhínígheadar muíntir na h-áite dhómh-sa an ainim. Is dócha gur acu b’fhearr fios an sgéil.

Tá caraig sa taobh thoir de’n pharóiste agus is orm-sa a bhí an iongnadh nuair airigheas “Caraig Clíodhna” mar ainim ar an gcaraig sin, agus ar an mbaile n-a bhfuil an charaig ann. Ní féidir liom a dhéanamh amach an bhfuil aon bhaint ag an “gCaraig Clíodhna” so le “Clíodhna na Caraige Léithe.” Deir an “Giolla Ruadh” sa n-amhrán adúbhart, go raibh “Aoibhil agus Meas agus Clíodhna na Caraige Léithe” ag gluaiseacht ar tosach sa tsluagh sídhe a chuaidh leis go h-Eóchaill chun an Duineárdaigh do chosaint ar an mbás. Bhí sluagh sídhe a tháinig a-dtuaidh ó Chonnachtaibh a d’iaraidh an Duineárdaigh a bhreith leó. Do troideadh cath idir iad agus sluagh sídhe na Múmhan. Do bhuaidh sluagh sídhe na Múmhan ar an sluagh sídhe a-dtuaidh, ar “Dhaoraicme Chonnacht,” agus tháinig an Duineárdach saor ó’n mbreóiteacht a bhí air. Tá an t-amhrán le fághail i gclódh anois.

D’inis seanduine éigin sa n-áit dom go raibh duin’uasal ’n-a chómhnuighe i n-áit éigin ar bruach Abhan Móire sa tsean aimsir fadó riamh; gur b’ógánach ana dhathamhail é; gur thuit Clíodhna na caraige sin Chille Sheanaigh i ngrádh leis; gur chuir sí chuige mar theachtaire seana chailleach ar a dtugtí Caitilín Dubh; gur órduigh sí do Chaitilín a dh’innsint do’n ógánach uasal cad é an spré a bhí le fághail aige léi dá bpósadh sé í: