Page:Mo sgeal fein.djvu/118

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ar an árdán thuas. Do tugadh dómh-sa an duais aonair. Bhí orm raint de’n aiste do léigheadh i láthair na n-Easbog.

Is cuimhin liom, i dtosach na sgríbhinne, gur thráchtas ar léighean na Gréige agus gur mholas é; gur thráchtas ar léighean na Rómha agus gur mholas é; gur thráchtas ar na léigheanaibh eile ar fuaid na h-Euróipe, an Fhrainncis agus an Almáinnis agus an Spáinnis, na saighseana leighinn sin a shíolraidh ó’n nGréigis agus ó’n Laidin, agus do mholas iad. Ansan do thráchtas ar léighean agus ar úghdaraibh Shasana i n-aimsir Elisabet, agus do mholas idir léighean agus úghdair. Níor dheacair dom iad do mholadh. Bhí eólus maith agam ar a lán acu. Bhíodar agam sa bhaile. Thug mo mháthair léi a-dtuaidh ó’n Mullach Ruadh iad, beannacht Dé le n-a h-anam!

Siné díreach an pháirt de’n sgríbhinn a marcáladh dom le léigheadh os cómhair na n-Easbog. Do léigheas amach é go h-árd agus go neamhsgáthmhar.

Bhí duine des na h-Easbogaibh ’n-a shuidhe thuas i lár baill, díreach ar m’ aghaidh amach. Nuair a stadas d’eirigh sé ’n-a sheasamh agus d’fhéach sé idir an dá shúil orm.

“Dheinis an méid sin go maith, a bhuachaill,” ar seisean. “Thugais do chuaird mór-thímpal ortha go léir. Do mholais léighean na Gréige. Do mholais léighean na Rómha. Do mholais léighean na Frainnce agus léighean na Spáinne agus léighean na h-Almáinne. Ansan do mholais go h-árd léighean Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal ní dúbhraís i dtaobh léighinn na h-Éirean.”

Dúbhairt sé a lán eile ansan ’á chur ar mo shúilibh dom go raibh dearmhad mór déanta agam, mar go