Page:Mo sgeal fein.djvu/110

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

raibh an bheirt uachtarach daingean aige fé n-a dhá osguil, agus greim le n-a dhá láim aige ar dhá cheathramhain an fhir iachtaraigh. Ansan do dhírigh sé suas é féin agus thóg sé an triúr i n-aonfheacht glan ó’n dtalamh agus shiúbhluigh sé mór-thímpal na cúirte leó. Nuair a leig sé uaidh iad dob’ éigean dóibh suidhe síos ar feadh tamaill chun teacht chúcha féin ó’n bhfásgadh a thug sé dhóibh. Agus ní raibh sé ach ag gáirí an fhaid a bhí an gníomh san aige ’á dhéanamh. Agus fir luatha láidire chumasacha ab eadh an triúr.

“Seadh,” ar seisean, nuair a leig sé uaidh iad, “an beag libh de’n spórt?”

“Mheasamair,” arsa duine acu, “go mbéadh sé le rádh againn gur leagamair thú. Ach cad ba ghádh dhuit mé dh’fhásgadh chómh mór? Bhainis m’anál díom, agus is ar éigin atá ionam labhairt fós!”

“Tú féin fé ndeár é,” arsa duine eile acu leis an bhfear a labhair. “Mura mbéadh tusa ní thabharfaimís féi i n-aon chor. Tá teinneas am’ dhrom agus suas am’ chúl fós!”

Bhí cathughadh ar an bhfear mór nuair a chonaic sé an cás ’n-a rabhadar, agus bhí sé ag gabháil a leathsgéil leó agus ’ghá rádh nár mhothuigh sé an neart san aige ’á chur sa bhfásgadh; nár mheas sé gur thug sé dhóibh ach an fásgadh do choimeádfadh a ghreim ortha chun iad do thógaint ó’n dtalamh.

“Dar fiadh,” arsa’n trímhadh duine acu, “ach dá bhfáisgthá a thuille mise bhíos marbh agat!”

Cúpla bliain ’n-a dhiaigh san do chonac-sa an fear san agus is ró bheag an neart a bhí ann. Do ghoill aer na h-áite air agus do ghoill an biadh air, agus do thuit sé i gceann a chos. B’éigean dó dul abhaile. Bhí sé ró imthighthe, ámhthach, sar ar chuaidh sé abhaile. Ní raibh