Page:Leabhar na Polainne.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
25
LEABHAR NA PÓLAINNE.

go mbeadh an Chríostuiacht go léir saor agus na Críostuithe go íéir ar aon dul le chéile mar bheadh bráithre.

29. Ach do loit na ríthe an uile ní.

30. Oir do chuadar in olcas; do chuaidh Sátan isteach ionta agus dubhradar ina n-aigne: Féadh go bhfuilid na náisiúin ag teaoht chun céille agus cúmpóird. Mairid siad chó macánta san nách féidir dúinn pionós do chur orra agus tá meirg ag teacht ar an gclaidheamh inár láimh; táid siad-san ag teacht chun saoirse agus tá ár gcomhaoht-na ag dul i luighead; nuair a bheid siad éirithe suas agus saor ar fad beidli deire lenár gcomhacht.

31. Machtnamh baoth an machtnamh san acu, óir, más aithreacha dá náisiúnaibh na ríthe, nuair a neartuigihid na náisiúin eirighid siad saor ó fhaire agus ó smacht ar nós na leanbh.

32. Ach mar sin féin, nuair a bhíd na haithreacha ina n-aithreachaibh fónta ni threigid a gclann iad nuair a bhid éirithe suas agus saor ar fad. Ni hea, ach dá shine iad na haithreacha isea is mó grádh agus urraim na clainne dhóibh.

33. Ach ba mhian leis na ríthe bheith ar nós na ndaoine bhfiain insna coillte, a ghabhan a gclann fé charbadaibh mar bheithíg iompair agus a dhíolan ina ndaoraibh le ceannuithibh iad.

34. Dubhradar na ríthe da bhrí sin: Féachaimís chuige go mbeidh na náisiúin i gcomhnuí gan chiall, i dtreo ná haithneoid siad a gcomhacht féin; adhnaimís achrann eatorra i dtreo ná cuirfid siad le chéile inár gcainnibh.

35. Ansan dubhradar leną gcuraíbh: Cad a bhéar-