Page:An t-oileanach.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
87
An t‑Oileánach

Do chasas de thaipigean sa treo gur chuala iad agus cad a chífinn ná an rón mór groidhe breac agus a cheann anáirde aige agus an chuid eile de’n gcorp sínte insa ghainnimh. Do thóg mo chroidhe geit ach ní le h‑eagla roimis an rón é mar nár bhaoghal duit go deo é ach fanúint uaidh agus leigeant do féin. Ach is é eagla bhí orm-sa ná tuitfeadh sé liom agus gurbh’ fhearr le daoine an uair úd ceann aca ná aon mhuc, d’á fheabhas mar bheadh sí. Do shín sí siar chun codlata arís.

Do bhreithnigheas an uair seo gur rón bhaineann í agus tháinig breis mhisnigh orm mar chuala gurbh’ fhusa seacht cinn aca so do mharbhú ná aon tarbh amháin. Do bhí sí ar an mbarra-taoide agus an tráigh ’na lag trágha.

Do bhraitheas mo phíce an fhaid a bhí sí ’n‑a suan. Do choimeádas an t‑iarann im’ láimh agus an tsámhthach romham amach agus do chromas ar bheith ag druidim léi chun stráiméad a thabhairt di; ach fé mar gheobhadh sí mo bholath do thóg a ceann agus leig srann láidir fhiain agus do chrom ar bheith ag múscailt agus ag fágáil na nide bhí déanta insa ghrean aici.

Le linn casadh síos di chun na fairrge thugas stráiméad di agus sé cinn i ndiaidh a chéile agus ba mhar a chéile léi gach buille de’n tsámhthaigh a bheith ’á bhualadh uirthi nó an peann so im’ dhorn; agus iarracht dár thugas fúithe dheineas dhá leath de’n tsámhthaigh. Thugas buille leis an smut de do bhí im’ láimh treasna an choincinn di ach do ghaibh sí ’n‑a béal é agus do chogain agus do dhein min-ramh de. Ní raibh faic annsan agam ach feam trágha agus do bhíos ag tarrac uirthi chomh tiugh agus dob’ fhéidir liom ach ní h‑aon bhascadh a bhí agam ’á dhéanamh di ach go rabhas ag coimeád moille uirthi ó’n uisce agus ní raibh san i bhfad uaithe insan am so.

Insa deire agus me tnáithte agus ise comh tnáithte liom ráinig liom í bhualadh i gcró an chinn le bollán trágha agus thug an buille sin a bolg anáirde ach níorbh’ fhada go bhfuair sí a meabhair aríst.

Fé dheire nuair do cheapas í bheith marbh agus feam agam