Page:An t-oileanach.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

III
NA TIGHTHE BHÍ AGAINN

A méid, a ndéanamh, an troscán, ár n‑ainmhithe agus ár n‑éanlaithe, ár gcóir bidh agus dighe.

Níor mhiste, b’fhéidir, a chur síos annso beagán cúntais ar an bhfeiste bhí orainn san oileán so le linn m’óige-se; go mór mhór ó tá an saoghal a bhí ann an uair sin imithe agus gan a chuimhne ag aenne atá suas anois ach age beagán sean-daoine.

Maidir leis na tighthe bhíodh againn le linn m’óige agus go ceann tamaill mhaith ’n‑a dhiaidh sin níor mhar a chéile bhídís, dáltha gach aon áit eile. Do bhíodh cuid aca maisiúil seachas a chéile agus a thuille aca ana-shuarach. Bhí roinnt ortha agus gan ionnta ach deich dtroighthe ar faid agus ocht dtroighthe ar leithead agus ó shin amach go mbíodh go dtí a cúig déag nó fiche troigh ionnta. D’fhonn roinnt a dhéanamh sa tigh bhíodh dresser treasna lár an tighe ó’n bhfalla ar thaobh agus síonáil ag freagairt do ó’n dtaobh eile. Do bhíodh dhá leabaidh laistíos díobh san. Daoine ionnta. Bhíodh dhá mhuic ag dul fé leabaidh aca agus bhíodh prátaí fé’n gceann eile. Comhra mhór idir an dá leabaidh i gcoinnibh na binne. Insa taobh eile de’n síonáil—taobh na cisteanach—bhíodh na daoine i rith an lae nó cuid de’n ló, deichniúr aca b’fhéidir. Do bhíodh cúib leis an síonáil; cearca innti; cearc ar gor i n‑aice léi i seana-chorcán. Istoidhche bhíodh bó agus dhá bhó, gamhain nó dhá ghamhain, asal, dhá mhadra ceang-

( 34 )