Page:An t-oileanach.djvu/32

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.

22

AN t-OILEÁNACH

do bhí an biadh ullamh cuibheasach moch mar “ní fhanann tráigh le headartha.” Do bhí Pádraig an uair seo i gcoinnlíocht go maith, dob é an dara duine, de’n ál, ba shine é ach bhí Máire roimis. Do bhí m’athair ag soláthar téadán agus corráin ar fuaid an tighe do féin agus do Phádraig. Do bhí Máire, leis, le bheith i n-éineacht leo agus mo mháthair. Lá rabharta dob’ eadh é agus lá feamnaighe duibhe do bhaint chun leasaithe. Do bhí Cáit le bheith mar bheantighe; Eibhlín, Nóra agus me féin chun scoile—sin mar bhíomair socair, nó riartha, insa lá san.

Corcán prátaí do bhí beirbhithe, agus iasc agus braon bainne leo. Do phromsálamair siar lán ár mbuilg aca, críona agus óg. I dtaobh trácht thar té ní raibh aenne san oileán san am san a chonnaic riamh citeal ná i bhfad ’n-a dhiaidh.

An adharc séidthe—b’eo amach lucht na trágha, b’eo amach lucht na scoile. Cáit istigh agus í go seana-chríonna ann.

“Bí macánta ar scoil, a Thomáis, a bhuachaill,” arsa mo mháthair, agus mheasas ná fágfadh sí rian de’n chroicean ná de’n tsróin orm leis an nglanadh thug sí ortha le linn imeacht chun na trágha dhi. Deich mbliana bhíos an lá san ag dul ar scoil dom, adubhairt mo mháthair, timcheall ’sa mbliain 1866.

Ar dhul isteach dom go tigh na scoile do bhíos go h-anamúil agus go cruaidh agus me ar láimh age Nóra. Do cheap Nóra bhocht go ndéanfainn seodh dhi ach níor dheineas. Do bhí an Mhaighistreás age béal an dorais agus do shín sí ubhall breagh chugham agus bhí iongna orm nuair a chuas isteach ná feaca aon ubhall ag aenne eile. Ach ní raibh sí chun ubhall a thabhairt gach lá dhúinn, cé gur cheapas-sa an uair seo go raibh. Ubhall sealbhaithe dob eadh é seo le tabhairt do gach scoláire an chéad lá. B’é seo an chéad lá agam-sa agus b’shin é an réasún go bhfuaireas é.

Níor mhór an faraireacht a dheineas istigh nó go raibh m’ubhall meilte agam. Do bhí an muileann meilte go maith