Page:An t-oileanach.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
19
AN t‑OILEÁNACH

“Ná ficeann tú an breac breagh mór san marbh aige, agus ó’s é an chéad bhreac aige é, tá sé go maith aige,” arsa m’athair. D’innis sé an scéal ar fad ansan di, agus do fuair sé saor me. Caitheadh díom anuas a raibh anáirde orm agus do cuireadh éadach tirm orm. Níor thaithin an bríste liom a fuaireas, mar ceann do bhí caithte uaim do b’eadh é, agus paistí air. Ní té, leis, do chuir sí chugham, ach muga leitean agus bainne, tar éis mo chuid snámha dhom.