Page:An t-oileanach.djvu/267

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

do chuirimís ár ndóthain agus fuighleach. Roimis an mBórd—an píosa beag do bhíodh curtha féin againn, agus go minic prátaí maithe ionnta—do bhíodh muca againn agus asail gan ceangal amuich insan oidhche agus toisc gan an fáscadh ceart a bheith ar na guirt bheaga againn, ba mhinic a bhíodh an lá luaithrigh tugtha ortha tar éis an bhrácadh go léir. Is mó bliain a chuireas díom gurbh éigean dom bheith im’ fhear mhaith insa ló tar éis a bheith im’ shuidhe insan oidhche, timcheall na Samhan, ag marbhú mhairciréal agus ba lán-mhinic a thugas seachtain as a chéile gan aon chodladh nó go mbíodh mo chuid prátaí i dtaisce agam. Annsan nuair a fuaireamair na garraithe i bhfearas, insa tslí ná raghadh fiadh ná fiolar ionnta, ní choirfeadh Éire sinn ó bheith ag cur agus ag baint.

Insan am san d’éirigh scolárdach suas ’ár measc agus do chuir seisean roimis go mbeadh biadh gan allus aige féin. Do bhuail sé a lámha fé n’ ascala. Ar nós gach aon eile droch-chéirde ní ró fhada go raibh slataire, agus beirt, ag déanamh rud air agus a lán daoine ag dul chun sámhairíochta. Deireadh mac na mí-ghrást so leo gurbh’ é an biadh céadna é agus ná raibh ag obair insa tsaoghal so ach capaill agus amadáin.

Do chuaidh gort ar lár agus bán gan faic a chur ann, agus dhá ghort, agus trí cinn. Do chuaidh an té do chuir an droch-dhlí ar bun, do chuaidh sé go dtí Meirice agus ní bhfuair sé an t-arán ar an gclaidhe ann. Nílimíd comh dícheallach ag cur ó shin agus do bhíomair ar dtúis agus tá fallaí an Bhúird, a bhíodh ag cosaint na ngort, ag tuitim.


Do bhíos lá d’iarraidh ualach móna ar an gcnoc agus cad a chífinn ná tráléir mór ó Dhaingean Uí Chúise ag tarrac aniar laisteas de’n Oileán. Do bhí gach seol do bhain léi anáirde aici agus gaoth láidir adtuaidh ann. Do ghaibh cóch láidir anuas cliathán an chnuic agus do chuala an fhuaim ag teacht orm ach níor chuireas aon tsuim ann.

Ar shroichstint an asail do, do bhí rómham amach, do bhain