Page:An t-oileanach.djvu/256

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been proofread.


thagras an scéal le Tadhg. “Ó!” arsa Tadhg, “déanfam le cabhair a chéile iad go rábach.” Ní raibh aon leisce ar Thadhg chun an ghnótha mar do thaithin an obair leis féin thar barr. Do bhíodh tamall gach lá againn ortha nó go rabhadar críochnaithe againn agus gur seoladh chuige anonn iad.

Níor fhan Tadhg againn ach mí.


An bhliain tar éis Tadhg ár bhfágaint do bhí iasc go flúirseach le fagháil gach oidhche gurbh’ fhéidir leo dul ag triall air. Do bhíodh leath-dosaon naomhóg ó Dhúnchaoin ag teacht, leis. Ní bhídís sin comh h-oilte ar an bhfairrge san am san agus mar táid ó shin.

Seadh, do bhí an oidhche seo bog ciúin fliuch agus dob’ ’eo gach naomhóg againn chun na fairrige. Do chaith an oidhche go maith nó go raibh a leath caithte. Lár na h-oidhche bhaineamair an calath amach agus thriomuigheamair an naomhóg. Do bhain gach nduine againn amach a thigh féin agus d’itheamair greim bídh. Annsan do bhogamair amach arís agus do bhí cuid de sna naomhóga ’ár dteannta agus a thuille aca, gur chuaidh na fearaibh a chodladh, nár chuaidh amach thar n-ais chuige agus do bhí naomhóga Dhúnchaoin nár imigh abhaile i n-ao’ chor ach d’fhan ar snámh timcheall calaith an Oileáin.

Ní raibh aon staonadh ag dul ar an bhfearthainn. B’eo le gach naomhóg againn sa tsoláthar, cuid againn tamall maith ó bhaile. Ní rabhamair féin ró fhada ó thalamh. Do scaoileamair amach na líonta, gach a raibh sa naomhóig díobh. Ní rabhadar ach sínte insa bhfairrge an uair a chualamair an fothrom ag déanamh orainn agus cad a bheadh ann ach feothan gaoithe. Do bhí an feothan comh fuinniúil gur chuir sé gach nduine againn anuas de’n dtochta ar thóin na naomhóige agus do bhain crothadh maith as an naomhóig féin.

Do phreabas go dtí an téad do bhí ag coimeád na líonta as dheire na naomhóige agus do chromas ar í tharrac nó go raibh na líonta ag teacht orm. Annsan d’imigh an ghaoth