Page:An t-oileanach.djvu/238

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

D’ólamair deoch nó dho sinn féin agus an fear a bhí chun an mharcaidheacht a thabhairt domh-sa. D’imigh an fear eile annsan féachaint an raibh an chomhra ullamh mar dob shin í a bhí ag cur moille anois ortha. Sin é an uair a chuireas ceist ar an bhfear eile i dtaobh na leanna duibhe a bhí aige le breith leis, anb’ amhlaidh do bhí pósadh agus tórramh le bheith i n-éineacht aca.

“Dhera, ’dhuine, ní h-eadh! nach ar an dtórramh a bheidh an barraille sin.”

“Ach níor chuala riamh, agus n’fheaca, a leithéid ar aon tórramh go dtí so,” ar mise.

“Ó! tá sé ag teacht amach mar nós le tamall agus ó’n uair go bhfuil beidh ceann aige siúd aca gan amhras,” ar seisean.

Tháinig an bheirt orainn gan ró mhoill agus bhí an chomhra ullamh. Siar do bhí ár n-aghaidh annsan. Ní raibh mórán siubhail fúinn mar do bhí rudaí aindise insna cartacha agus, leis sin, bhí sé ’n-a oidhche nuair a bhaineamair tigh an chuirp amach i nDúnchaoin.

Do bhí cuid mhaith daoine bailithe ann insan am san agus crannán na h-oidhche ann. Do tógadh isteach gach ní. Do scuireadh na capaill. Do bhí lampa ar lasadh sa tigh agus cúpla coinneal. Do phreab beirt bhan ’n-a seasamh agus láimhsigheadar na coinnle agus do chuireadar i dtreo ceart iad ar cheann an bhúird.

Is i n-aice an dorais do shuidheas féin ar dhul isteach dom ach ní ró fhada fágadh insa lanntán san me san am go bhfuair fear an tighe amach me agus do dhírigh sé suas a lámh chun cathaoir folamh do bhí insa chúinne agus dubhairt liom í choimeád nó go mbainfeadh duine éigin díom í.

Ní mí-bhuidheach do bhíos féin d’fhear an tighe mar gheall ar an méid sin críche chur orm mar do bhíos ré-shuaithte toisc me bheith laetheannta óm’ thigh féin agus óm’ baile dúthchais. Níorbh’ é an cúinne dorcha, leis, gur ráinig an chathaoir ann agus dob’ fhearr liom ná san an scéal mar do