Page:An t-oileanach.djvu/210

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhí aige ar an saoghal ’e bhreis orm-sa nár fhág cúinne na luaithe riamh.

“Fan go mbeidh solus a’ lae ann agus is dócha nach fada uainn anois é, go bhfeicfir-se radharc ar róinte tirm ar na clocha san thiar,” ar seisean.

“Ach is minic a chonnac ceann aonair tirm ar chloich,” arsa mise leis.

“Ní h-i dtaoibh leis sin a bheifá dábur ghnáth bhéas leat bheith amuich insan oidhche. Ní chuirfir aon tsuim an chéad oidhche eile ionnta nuair a chloisfir iad, a bhuachaill.”

Do chuas amach go maith air an uair a chríochnuigh sé an abairt dhéanach san: mar ’dheadh ná beadh aon teip orm-sa gan a bheith go fonnmhar ag teacht an chéad oidhche eile! Ní ró fhada go ndubhairt sé go raibh breacarnach an lae ag teacht thoir agus nár chás a bheith ag bogadh na bpotaí arís.

“Fan go ngealfaidh an lá níos fearr agus is lugha a bheam ’á lorg ó pholl go poll,” arsa mise leis.

Dob’ é críoch agus deire na mbeart é go raibh sé geal a dhóthain san am gur bhogamair agus dob’ ’in é an uair díreach a tháinig an conach ar lucht na n-amhrán; gach a raibh ar an saoghal aca ag séideadh suas i n-éineacht.

“Ní ró fhada go mbeidh na leaideanna thiar ag fágaint na cloiche,” arsa Paidí.

Níorbh’ fhada go raibh an lá geal go maith agus go raibh róinte le feiscint go tiugh i ndrom na cloiche, cuid aca agus a gceann anáirde aca, ceann eile aca agus é ag tabhairt snap thall ’s i bhfus ortha, ceann mór groidhe tamall maith os a gcionn anáirde agus gan cor fós as. Dubhairt an fear eile liom gur ’n-a chodladh do bhí san fós agus an uair a dhúiseochadh san gurbh’ eadh bheadh an dul trí ’chéile ar an gcloich. Ba dhóigh leat air gur ’n-a dteannta riamh do bhí sé féin, do bhí oiread san cur amach aige ortha seachas mise.

D’fhanamair ceangailte de phota nó go raibh gach ceann aca beagnach thíos insa pholl i ndiaidh a chéile agus do chuir-