Page:An t-oileanach.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
9
AN t‑OILEÁNACH

cóta glas ag fagháil gearra dhom. Me i mblianta na tuiscionna an uair seo. Is gairid go rabhas ag dul i n‑aitheantas ar an seana-chailligh agus go rabhas ag tabhairt gach ’ra seadh dhi. Bhíodh dream an dá thighe gach Domhnach ’ár dtigh-ne agus an Choróin Pháirteach age m’ athair ar siubhal. Deireadh bean an tighe amuich, annsan, lem’ mháthair: “Fágfair a’ cóta glas air nó go mbeir ag lorg mná dhó! Nách maith atá sé ag fás, bail ó Dhia air!” adeireadh sí agus cleithire de dheargán úr thiar ’n‑a bolg aici.

Ó Dhúnchaoin treabhchas m’athar. Phós sé insan oileán so. Ó Pharóiste Fionntrágha treabhchas mo mháthar. Do bhíodar araon toilteanach le chéile. Ní raibh an galar ortha a bhíonn ar a thuille aca go gcaithtar maide thabhairt do chuid mhaith aca.

Do chuireadar chúcha i mbothán bocht ag dul i leith sealgaireacht’ na fairrge agus do bhí píosa talmhan aca agus iad araon go dian-mhaith chun earraidheacht a bhaint as mhuir agus thalamh. Ní raibh aon asal insan oileán so san am san ach cléibheanna ar dhrom gach fir—agus mná, sé sin aon bhean nár pheata í nó rógaire gurbh’ fhearr léi gorta ná obair.

Sealgaire iongantach dob’ eadh m’athair agus an-fhear oibre. Saor cloiche agus captaen báid dob’ eadh é agus fear cliste chun gach gnótha. Is mó gnó a dheineadh sé do dhaoinibh eile mar ná raibh ’n‑a bhfurmhór san am úd ach mar bheadh scata asal ar pháirc.

Ana-bhliain éisc dob’ eadh an bhliain sin go raibh an cóta glas orm-sa agus gan me ró shaor ar bhreach-shúil a thabhairt ar bhrollach mo mháthar—dar liom gur cheart dom bheith ag siolpaireacht na gcíní fós. Is dócha nach mó ná dhá bhliain a bhíos fágtha iad an uair sin.

Do bhí m’athair ag dul ag iascach maidean. Bhí cruach bhreagh mhóna aca, isteach insa bhliain, insa chnoc agus bhí tuairisc aca go raibh sí ar fad goidithe ó indé roimis sin. Dubhairt sé lem’ mháthair saothar éigin a dhéanamh ar chuid de’n mhóin a thabhairt abhaile, go raibh an lá breagh. Do bhuail