Page:An t-oileanach.djvu/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gcaithfeadh sé imeacht uaim. Ach machtnamh dob’ eadh é nár dheineas a chóimhlíonadh agus is maith liom san.


San am san de’n tsaoghal ní raibh aon naomhóg annso, ná aon fhearas a bhí ag oiriúint di, ach báid mhóra go mbíodh hochtar fear ’á leanúint do shíor. Saighne mór trom ins gach bád aca, clocha ceangailte d’á bhonn do dhéanfadh é shúncáil agus cuirc ar an dtéid uachtair chun an t-uachtar a choimeád ar barra. Bhíodh báid bheaga leis ann a bhíodh age daoine críona agus age slatairí óga ag iascach doraithe, agus bhídís lán de’n tsaghas sin éisc go minic.

Dubhairt duine lá éigin go raibh beirt ó’n oileán a chuaidh ar an aonach ’on Daingean agus ar bheith ar meisce dhóibh gur cheannuigheadar naomhóg ó dhuine éigin. Ní fada go bhfeacathas ag teacht í agus do deineadh iongantas an domhain di. Do chrom na mná, gurbh’ iad a bhfearaibh a bhí innti, ar ologón go fada, bog, binn an uair a chonnacadar an chleiteóg bháid go rabhadar innti. Ach do ghaibh beirt de bhuachaillí óga chúcha agus ar siad leo—“Dhera, ná caillidh bhur gciall; ná déanfaidh beirt againn-ne an gnó comh maith dhíbh má báithtar féin iad!”

Níor mhallachtaí go dtí mar fuair an bheirt bhuachaillí ó’n mbeirt bhan ochlánach, mar do cheapadar gur le neamh-thruagh dóibh do bhíodar. Níorbh’ fhada ó’n mbeirt bhan do bhíos féin san am gcéadna agus is maith an gáire do dheineas fé chomhrádh na mbuachaillí. Nach ullamh a bhíodar láithreach chun gabháil leis an mbeirt bhan dubrónach comh luath agus a bheadh an bheirt a bhí aca scartha leo!

Cúpla lá n-a dhiaidh sin thugas turus chun cnuic ag triall ar ualach móna agus cad a chífinn ná an naomhóg fém’ bun síos agus í lán de rudaí éigin istigh innti agus é ’á chaitheamh i bhfairrge, dar liom. Ach do chomáineas liom agus thugas an t-ualach móna liom. Níorbh’ í naomhóg na beirte bhí ann mar bhí sí sin ar chalath an oileáin.

D’fhan an scéal mar sin go tráthnóna nó gur bhuail an