Page:An t-oileanach.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
An t‑Oileánach


I

Mé im’ naoidhneán

Mo mhuinntir, an tseana-bhean bhéal-dorais, cliabh na móna, an íle bhuidhe, an bríste, na muca mara, long na cruithneachtan, me féin agus an eascú.


Lá San Tomás, sa mbliain 1856, ’seadh rugadh me.

Is cuimhin liom bheith ar bhrollach mo mháthar. Cheithre bliana bhíos sarar baineadh de dheol me. Is me dríodar an chrúiscín, deire an áil. Sin é an fáth gur fágadh comh fada ar na cíní me.

Do bhíos im’ peata ’na theannta san. Ceathrar driféar agam agus gach nduine aca ag cur a goblaigh féin im’ béal. Bhíos mar bheadh gearrcach éin aca: Máire Dhomhnaill, Cáit Dhomhnaill, Eibhlín Dhomhnaill agus Nóra Dhomhnaill, Pádraig Dhomhnaill agus me féin Tomás Dhomhnaill. Tá Máire fós beo san oileán so,[1] tá beirt eile aca beo i Meirice, tá Pádraig beo.[1] Cailleadh Cáit agus an pinsion ráithe aici. Sin iad an t‑ál do bhí againn ann. Do bhíodar san ar fad

  1. 1.0 1.1 Cailleadh ó shin iad.