Page:An t-oileanach.djvu/165

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Raibh aon amhrán ó shin agaibh?”

“Bhí chúig cinn; agus beidh a thuille ó’n uair gur casadh tusa aríst chughainn. Oidhche d’ár saoghal iseadh í. Ní fios cé mhairfidh ar a teacht aríst.”

Scaoileas scíobas amach chucha. Rug Diarmaid ar an árus agus do chuir gotha ceoil air féin agus do ghaibh:

“Nach ró-bhreagh an t-oideas dochtúra
    An stuif seo ’s a’ lionn do bheith saor,
Mar tógann sé tuirse ’gus brón dínn
    Is deineann sé súgach a’ saoghal;
An chailleach a bhíonn bliain insa chúinne
    Is í caithte sa tsúsa le péin:
Nuair ólann sí lán a’ leath-phiúint di
    Go raideann sí ’n súsa san aer.”

Níor chrothadh lámh go dtí é age n-a raibh istigh—agus seacht crothadh nuair a bhí an bhéarsa críochnaithe aige.

“Abair-se amhrán, a Phaid,” arsa mise leis an bhfear eile. Dubhairt sé “Éamonn Mágáine” agus do thaithin sé go mór liom mar go raibh guth maith aige, sé sin nuair a glanfaí a scórnach leis an rud cóir. “Cosa buidhe árda dearga,” adubhairt an réic. Do phreab sé ’n-a sheasamh agus ar seisean: “Mhuise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh agus abair ‘An Chuilt’ dom. Níor chuala riamh as a chéile í ó leig an file Ó Duinnshléibhe as a bhéal í.”

Ní mór an tathant d’iarras cé gur shuaidh “An Chuilt” go maith me. hOcht ranna déag: sin a ndubhart.

“A Rí na Glóire, moladh go deo Leis! conus a chuir sé le chéile í?” arsa Diarmaid.

Mar sin dúinn nó gur gheal an lá anoir orm. Do bhí an lá ag breacadh an uair a scaramair le chéile.

“Iarraim ar Dhia agus nár bhuailidh maisle ná máchail sibh go ceann bliana,” arsa Diarmaid, ag tabhairt aghaidh ar a thigh féin soir; mise siar. Do chuas a chodladh agus do bhí aimsir dinnéir ann le linn me mhúscailt.