Page:An t-oileanach.djvu/160

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Lá Nodlag agus aimsir na Nodlag, bhíodh comórtas báire ar siubhal agus an baile go léir ceangailte isteach insa chluiche báire sin. Bhíodh beirt beartaithe, fear ó’n dtaobh ’na dhá maor. Bhíodh gach ’ra fear aca san ’á ghlaodhach nó go mbíodh a mbíodh ar an dtráigh roinnte aca le chéile. Camáin agus liathróid do bhíodh againn. Ar an dTráigh Bháin a bhíodh an báire gan stoca, ná bróg amach go muineál aon uair a théigheadh an liathróid ’on fhairrge. Ar feadh dhá lá dhéag na Nodlag ní bhíodh sé i gcumas aon fhir san Oileán an bhó a bhagairt chun cnuic le tinneas droma agus tinneas cnámh, cos dhubh age beirt, fear eile ar leath-chois go ceann mí.

An Lá Nodlag úd do bhí Diarmaid agus Tomás, mo dhá úncail, i gcoinne a chéile. Is ar thaobh Dhiarmada do bhíos féin agus is ann dob’ fhearr liom a bheith mar dá ráineochadh liom bheith ’n-a choinne ní fhéadfainn mo leath-dícheall a dhéanamh, dá mbeinn i ngoireacht do.

Do chuireamair trí bháire ortha i ndiaidh a chéile agus do bhí an dá thaobh ar buile—iad san d’iarraidh go mbeadh báire éigin aca féin ’e bharr an lae agus an taobh eile ag maoidheamh. Ag déanamh ar an slí dhúinn chun teacht abhaile—

“Mo náire é!” arsa Diarmaid, “níor leigeamair aon bháire ó mhaidean libh!”

Ar chaitheamh na cainnte seo do Dhiarmaid do bhí a dhritheáir Tomás roimis suas insa tslí. Do chas sé anuas agus do thóg an deárna agus do bhuail i bpoll na cluaise é agus do chuir síos ar an dtráigh in’ fhuairthnín marbh é, nach mór.

“Dar ndóigh, a dhiabhailín, ní tusa dhein an saothar san,” arsa Tomás.

Ní raibh an tuitim árd ach bhí an áit. anacair. Do stop a chainnt air mar baineadh de ar fad í agus do bhí uair a chluig ann sara raibh aon smitig aige agus a raibh ar an dtráigh timcheall air ach an té do bhuail é. Do bhí san imithe abhaile. Ní fada go raibh an fiteán glóir ag neartú aige