Page:An t-oileanach.djvu/159

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ó!” ar seisean, “ní mar a chéile an oidhche anocht agus aon oidhche eile agus níl sé ceart agam faillighe a thabhairt im’ ghramaisc bheag féin Oidhche Bheannaithe Dé.”

Do cheapas riamh ná raibh sé comh deaghmhóideach agus bhí sé san am san mar garbh-ghlórach ba ghnáthach leis bheith i gcomhnaidhe agus ana-mhinic gur síos ba ghnáth leis dul ag lorg cabhartha aon uair a thagadh paiseón air. Do mhéaduigh na cainnteanna san mo ghradam do fara mar bhí. I gcionn tamaill d’imigh sé.

An uair a bhí am na soillse lasadh “Oidhche Bheannaithe Dé,” dá raghfá thoir theas ar an mbaile, mar is ann atá aghaidh gach dorais agus fuinneóige, agus gach sórt soluis lasta an oidhche sin, ba dhóigh leat gur sciathán d’áit éigin naomhtha é agus an lanntán go bhfuil sé i lár na fairrge móire. Do chloisfá fuaim ins gach tigh an oidhche seo mar, beag mór é an braon a thagann, coimeádtar i dtómas na h-oidhche sin é. B’fhéidir go mbeadh amhrán age sean-duine nár mhuscail a ghuth le bliain roime sin. I dtaobh seana-mhná dho, bíd sin go minic ag duanaireacht.

Níorbh’ fhearr liom-sa féin an oidhche go léir do chaitheamh age baile ná bualadh amach tamall. Is é áit go rabhas chun m’aghaidh a thabhairt ná go dtí Paid Shéamais tamall mar ní raibh sé ró-shláintiúil fós. Do bhí fhios agam ná raibh aon deoir aige agus do bhuaileas chugham leath-phiúnt. Do bhí fáilte agus fiche romham. Fear go mbainfá ana-chaitheamh aimsire as dob eadh é ach dob’ é ná raibh sásta toisc ná raibh aon bhraon i gcomhair na Nodlag aige. An méid a thug sé ó’n nDaingean leis bhí sé diúgaithe aige toisc é dhul chun seachráin ’na shláinte de dhruim ragairne.

Shíneas an leath-phiúnt chuige. “Diúg é sin,” arsa mise leis, “mar caithfir amhrán a rádh.”

“Beir gan amhrán,” arsa Cáit, “má théigheann an leath-phiúnt siar aige.”

“Déarfad amhrán, leis,” arsa Tomás. Cnagaire d’ól sé agus ní amhrán adubhairt sé ach seacht gcinn.