Page:An t-oileanach.djvu/142

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

t-iasc ceannaithe aca uaim ar a deich is dachad an leath-chéad pullóg.

“Dar Muire!” arsa Diarmuid, “tá fiacha na dighe agat-sa go luath ó sna mná.”

“Tá, a bhuachaill,” arsa bean mhisniúil a bhí ar an gcumann, “agus do-gheobhair-se, leis, deoch. Téanam leat.”

Mar ba mhór é a dhúil ann do ghluais sé i n-éineacht liom-sa agus do chuamair i n-aon tigh amháin. Do dhíol na mná amach gach pinginn liom agus nuair a fuaireas an t-airgead do chuireas ceist “cad a bheadh aca?”

“Á, beidh deoch agaibh-se uainn-ne ar dtúis,” arsan bhean so aríst.

Do ghlaoidh sí ar deoch agus do dhíol aiste go tapaidh. Is orm-sa do chuaidh an tarna deoch gan amhras—fear an airgid a dhéanamh, agus do chuaidh an tríú deoch ar Dhiarmaid, mar cheannuigheadar an t-iasc uaidh sin leis.

Do bhí trí dheoch ólta agam féin agus age Diarmaid annsan agus mar bhí an t-imeacht craiceálta i gcomhnaidhe fé sin ba dhóigh leat air go raibh sé ag ól le ráithe. Do bhuaileamair síos chun na slipe annsin mar a raibh an bád gan feistiú fós.

Ní rabhamair ach ann nuair a ghlaoidh m’úncail, Tomás, orm féin teacht i n-éineacht leis go fóil mar go raibh an dá chaora gan díol aige.

“Raghad,” arsa mise.

“Dar Muire!” arsa Diarmaid, “tá comh maith agaibh an bád a chur ar sábháilt. Tá an lá mall agus beidh fear agaibh soir siar go lá aríst agus b’fhéidir gur b’é an t-uisce bhéarfadh leis í.”

“T’anam do’n bhFear Mór!” arsa Tomás, “nach breagh nár fhanais féin timcheall a’ bháid nó go raibh do ghnó déanta agat; agus coimeád anois í nó leig uait í, a theallaire!”

Dubhart cheana insa scríbhinn seo go raibh siolla beag de’n ngaoith ag teacht im’ choinne ó’n lá do chuir an file agus a