Page:An Crann Geagach.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

mó ná sásta bhéadh ceachtar againn ag taisdeal bóithre na Banban agus séasúr an tseaca agus na fearthainne ann. Beidh sgioból deas teólaidhe agad, a asail, go dtagaidh an t‑earrach arís. Ní bheidh fuacht ná ocras ortsa pé nídh bhéas orm féin....

Is cruaidh liom slán fhágáil ag an asal beag dubh sin, ar feadh tamaill féin. Ó’n gcéad lá ar leag mé súil, ar aonach Chinnmhara, agus tuirse bóthair agus conaire orm, thugas gean dó. Ní ar a dhath ná ar a mhéad, ní ar a shúil ní ar a chluasaibh gleóite ná ar a chosaibh beaga deasa thugas gean dó; ní ar lúth a cheithre gcos é acht oiread, mar ní raibh luas ná mire ag baint leis ariamh—acht ní shílim go bhféadfadh aon duine gan bheith geanamhail air, ar a “phearsanacht” amháin! Mheallfadh sé an croidhe ó ridire na gcorcán mbrisde féin!

Acht slán leat anois a chara go dtagaidh an t‑earrach arís, go dtógfaidh sinn seólta, go mbuailfidh sinn amach faoi mhachairí na bhfothanán!

Tá cáirde agam seachas na míolta atá luaidhte agam. Tá cáirde daonna agam freisin nach gcastar liom acht amuigh i mbéal an uaignis. Agus mo mhairg! caithfidh mé slán fhágáil ag cuid díobh sin mar an gcéadna.

Ní raibh sé d’uain agam aon trácht mór dhéanamh sa leabhrán seo ar Sheán agus ar Pheadar agus ar Shéamus—triúr malrach castaoi liom gach maidin agus mé liom féin sa gcoill. Ní bhíodh sé d’uain aca mórán moille dhéanamh liom mar bhíodh orra imtheacht ar a saothar lae le páidhe sholáthar dá muinntir, acht beidh cuimhne

81