Page:An Crann Geagach.djvu/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
SLÁN AGAIBH A CHÁIRDE!

Ó tá an geimhreadh fuar, fliuch, cráidhte buailte linn anois, agus an samhradh sámh suaimhneach imthighthe, caithfidh mé slán fhágáil ag cuid mhór de mo shean-cháirdibh, míolta beaga na coille agus an uaignis agus an fhásaigh; agus caithfidh mé aghaidh thabhairt ar thighthibh teólaidhe agus a mbaineann leó, go mbeidh aimsir an fhuachta agus an tseaca thart.

Nach orm atá an cumha go bhfuil orm an sean-choiléar thréigeadh agus an chathair thabhairt orm féin! Leapthacha clúmhaighe, braithlíní míne geala, sonas agus sogha na cathrach—cé’n chaoi a bhféadfaidh mé a leithéidí chleachtadh agus an t‑achar fada chuireas dhíom lé trí ráite faoi spéartha neimhe?

A shean-choiléir, beidh cuimhne agam go deo na ndeór ort! Beidh cuimhne go deó agam ar na snadhmaibh daingne caradais rinneas le mo chomh-chréatúiribh agus mé ’mo chomhnaidhe san áit aoibhinn sin; beidh cuimhne go bruinn an bhrátha agam ar oidhcheannta réaltógacha chaitheas ann agus gan idir mé féin agus na spéartha uachtaracha acht pé brat nó sraith aéir atá thart ar an domhan seo againne. Agus níorbh fhada liom aon oidhche dhíobh cé go raibh mé go minic agus go rí-mhinic gan néal theacht ar mo shúilibh ó faoidhin go maidin; cé’n chaoi mbéadh agus na cáirde oidhche bhí agam ann? Nach ann chuir

79