Page:An Crann Geagach.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

an t‑iongnadh táinic uirri. Imtheacht léithi faoi na crannaibh árda agus gan cuairt thabhairt orm arís choidhche—sin é cheap sí dhéanamh i dtosach. Acht mheall an cnó cuill sin í; bhí an chosamhalacht air go raibh sé an-mhilis... thosuigh sí ghá chogaint annsin ós comhair mo shúl.

Cuireadh a dtuigsint dom agus mé ag déanamh mór le míoltaibh an tsean-choiléir go nglacann gach cineál diobh bríb chomh réidh le constábla nó le comhairleóir conndae, acht an bhríb thoghadh i gceart....

* * *

Is aisteach an saoghal bhí agam féin agus ag na hainmhidhthe sa sean-choiléar nuair d’éirigh mé mór leó.

Acht mo léan! Ní ró-fhada mhair sé.

D’fhágainn mo chuid bidh idir arán agus feóil agus eile mar d’fhágfainn ar neamh í, gan ceapadh go raibh gaduidhe ná beitheamhnach ann. Cúig noiméad imthighte dhom lá, agus bhí leath-bhuilín glanta. Agus a dhaoire is tá an t‑arán!

An easóg bhradach sin, arsa mise liom féin; caithfidh mé smacht chur uirri....

Lá eile, chuir mé an lón isteach sa mála acht amháin roinnt cabáisde bhí ceannuighthe agam i gcóir mo dhinnéir: ár ndóigh is beag an ceapadh bhí agam, nuair chuaidh mé ar thóir cúpla punnt bagúin le cur leis an gcabáisde sa gcorcán, go mbéadh an cabáisde sguabtha nuair d’fhillfinn, acht bhí.

58