Page:An Crann Geagach.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

fiafruighe dhe féin an raibh sé de mhisneach aige bualadh amach agus an ghrian ar an spéir....

Chonnaic sé bileóg de’n bhiolar; thosuigh sé ghá ithe ar a shuaimhneas—acht ní raibh an bhileóg caithte aige gur chuir sé gotha reatha air féin. Mhothuigh sé go raibh námha i bhfogus dó. Acht ní raibh an námha ró-ghar dhó. Lean sé de chaitheamh na bileóige, acht go raibh sé ar a aire ar feadh an achair. Úr-bhileóga biolair! is dócha nár chaith sé a leithéid de shéire ó rinne sé comhnaidhe sa gcoiléar!

An chéad oidhche eile bhí biolar agam freisin, agus ní a cheannach rinneas. D’fhág mé cúpla bileóg leath-bhealaigh idir béal puill an choinín agus an áit a mbíodh an mála agam féin. Bhí mé féin istigh san mála chodalta (atá ar aon dath leis an bhféar ghlas); acht bhí amharc maith agam ar an gcréatúr bocht nuair d’éirigh sé amach as a pholl, agus gan fhios aige-sean go raibh mé sa gcomharsanacht ar chor ar bith. D’ith sé an biolar bhí i ngar dá uachais féin. D’ith sé an chuid bhí leath bhealaigh idir a pholl agus mé féin; agus annsin d’éirigh sé dána ar fad, agus thosuigh ag spóirt dhó féin thart faoi’n sean-choiléar. An biadh maith neamh-choitchiannta thug croidhe agus misneach dhó b’fhéidir! Oidhche eile, agus tháinic sé go béal mo mhála agus sgiob sé leis bileóg bhí caithte sa bhféar; agus gach uile oidhche ’n‑a dhiaidh sin, thagadh sé agus gan aon fhaitchíos air rómham acht an oiréad is dá mbá crann coille mé.

56