Page:An Crann Geagach.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Acht b’eadh, agus tháinic mé ar an tsean-mhnaoi thug go dtí an choill mé gan mórán achair.

“Suidh,” ar sise.

Ghéilleas di; ár ndóigh níor fhéadas gan é dhéanamh:

“Cá’r fhág tú Eibhlín?” ar sise—agus tháinic áthas croidhe orm go raibh fhios agam cé’n t‑ainm bhí ar an mnaoi áluinn sin n‑ar chuir mé an spéis mhór.

“Eibhlín?” arsa mise.

“Seadh,” ars an tsean-bhean, “ar chuir tú aon chainnt uirri?”

B’aisteach liom gur chuir sí an cheist sin orm: fear fhágáil faoi bhun crainn i lár coille craobhaighe agus bean áluinn le n‑a chois agus annsin fhiafruighe dhe ar chuir sé aon chainnt uirri! Má bhí cuthalacht agus náire orm i gcuideachtain na mná óige, is mó ná sin an náire bhí orm nuair dob’ éigin dom a rádh nár labhramar focal le chéile.

“Níor fhág sí focal agam,” arsa mise, “a háilneacht bhain an chainnt dhíom....”

D’éirigh an tsean-bhean uasal mhaordha smaointeach. Rug sí ar láimh orm.

“Is maith rinne tú gan focal a rádh,” ar sise.

“’Tuige?”

“Ná bac le ’tuige, acht siubhail leat liom-sa go bhfaigh’ muid í.....”

Rinneadh sin.

Faoi bhun crainn fríothadh í ag sileadh na súl. Níor labhair an tsean-bhean léithi acht thosuigh sí ag cainnt léithi le comharthaibh....

52