Page:An Crann Geagach.djvu/49

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been proofread.


déanamh aige féin ná ag aon duine eile, ar an saoghal seo. Námha do’n tsuaimhneas an imnidhe. Chuireas féin ruaig ar an námhaid sin agus mé ’mo luighe ar chnamh mo dhroma ar an tulchán féarmhar. Ní shíltheá go raibh crann le leagadh, ná faic eile le déanamh agam an lá breágh buidhe brothallach sin.

Leithsgéal bhí uaim, leithsgéal maith ionnós nach mbéadh orm tuilleadh alluis a thabhairt. Bhí poll domhain agus uisge n-a thóin i bhfogus dom: dá sgaoilinn an sábh malluighthe síos ann ní bhéadh orm buille eile oibre dhéanamh ar feadh an lae—acht ár ndóigh annsin, bhéadh an tsean-bhean chóir dá dtug mé gean gan a cuid crann. Naipcín chasadh timcheall ar mo láimh agus a leigint orm gur gortuigheadh í—chuimhnigheas ar an gcleas sin freisin, acht bhí an locht céadna agam air is bhí agam ar an gcéad cheann. Chaill mé an croidhe nuair smuainigheas go mbéadh orm an obair dhiabhalta sin dhéanamh....

Bhí sgata seangán i n-aice liom agus saothar mór orra. Tráithnín bán feósaidhe bhí suas agus anuas le dhá órdlach go leith ar a fhaid agus iad ag iarraidh é thógáil agus é thabhairt leó ar iomchur. Bhí mathshluagh mhór dhíobh ann agus ní raibh neach díobh nach raibh ar a dhithcheall. Nach ann bhí an fuastar! Nach iad d’oibrigh go fonnmhar! Is beag nár leigeas liúgh comhghárdachais nuair d’éirigh leó an tráithnín chrochadh suas agus bhreith leó!

“Nár chóir dhuit náire bheith ort agus chomh leisgeamhail spadánta is bhí tú féin?” deir tusa.

45