Page:An Crann Geagach.djvu/48

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been proofread.


Bhí mé dhá uair a’ chluig ag obair agus an uile amus dá dtugainn leis an sábh, is ag dul i laige bhí mé. Bhí mé tugtha traochta. Is ar éigin go raibh ionam seasamh. Chaith mé uaim an gléas gearrtha agus d’fhéach mé ar obair mo lámh.

Bhain mé tráithnín agus sháith mé isteach é sa sgoilt bhí gearrtha agam san ádhmud. Ceithre órdlaigh—ní raibh de dhoimhneacht sa sgoilt acht an méid sin thar éis mo shaothair. Agus troigh eile ar a laghad ann!

Bhuail droch-mhisneach mé. Ní bhéadh sé ’mo chumas an dá chrann sin a leagadh dá gcaithinn an lá fada leó. Bhéinn náirighthe go deó mara bhféadfainn an obair sin dhéanamh do’n tsean-mhnaoi dá dtug mé cion.

Bhí fonn orm dhul ar aghaidh leis an obair arís, agus gan sgur dhí go mbéadh crann díobh ar lár agam. Mara ndeárna mé sin, agus admhuighim nach ndeárna, ní ar an toil bhí an locht acht ar an gcolainn. Bhí tulchán féarmhar i n-aice liom. Chaith ar chnámh mo dhroma ar an tulchán go leigfinn mo sgíth......

* * *

B’aoibhinn bheith annsin ag féachaint suas uaim ar an spéir ghorm thrí dhuilleabhar na gcrann agus gan faic le déanamh agam ar an saoghal—seadh, gan faic le déanamh agam ar an saoghal, mar ní féidir le duine sgíth a leigint ná suaimhneas a ghlacadh i gceart mara bhfuil sé ’n-a chumas leigint air nach bhfuil aon cheó le

44