Page:An Crann Geagach.djvu/46

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


FLEADH AOIBHINN

Nuair d’fhág an tsean-bhean mé liom féin sa gcoill, thosaigh mé ag obair ar mo mhíle dhíthcheall, ionnós go mbéadh an dá chrann ar lár agam sul a bhfillfeadh sí. Nach mé d’oibrigh! Ní raibh an sábh thugas liom ar maidin acht go dona; dá mbéadh a fhios agam go mbéadh a leithéid d’obair le déanamh agam is cinnte go mbéadh óirnéis níos feárr agam—acht an gléas geárrtha seo! ní fios dom cinnte cé mhéad mallacht mór thugas air sul má bhí mé aon leath-uair bheag amháin sa gcoill.

Bhaineas dhíom mo chóta agus mo bhróga mar bhí an áit ’n-a bhogach báidhte faoi mo chosaibh. D’fháisg mé an crios faoi mo chom. Chroch mé suas muinchillí mo léine. D’fhosgail mé an brollach. Chuir mé na cosa i dtaca. Bhí allus liom sul má bhí an sean-sábh órdlach isteach san ádhmud chruaibh.

Is beag rud nach ndéanfainn ar son na sean-mhná chéadna. Dá n-iarradh sí orm troid chur ar fhathach na dtrí gceann, ná cuairt thabhairt ar oileánaibh allta na Mara Reóite, ná aon ghníomh eile gaisge ná gaile dhéanamh is cinnte go bhféachfainn leis go fonnmhar. Acht mé fhágáil annsin liom féin, i lár na coille craobhaighe, ag cur alluis mo cheithre cnámh ag iarraidh dá chrann toirteamhla a leagadh le sábh gan mhaith! Agus gan fhios ó neamh agam

42