Page:An Crann Geagach.djvu/40

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


AN BHEAN BHÍ AG AN BHFUINNEÓIG

Agus cé bhuailfeadh isteach chugam acht an bhaintreabhach Uí Eadhra! Bhí sí ag féachaint níos óigeanta ná chonnaiceas í le fada an lá; is beag an ceapadh bhéadh ag duine go raibh cúig bliadhna déag agus trí fichid caithte aici, go mbéadh bun-chíos na sean aici dá mbéadh gábhadh aici le n-a leithéid; go bhfuil a hinghean agus inghean na hinghine n-a mbaintreabhaigh sa teach chéadna léithi.

“Cuir an t-asal faoi’n gcárr,” ar sise.

Rinneas sin gan ceist a chur uirri. D’aithneóchthá go raibh fuadar éigin fúithi, go raibh sí le rud éigin neamh-ghnáthach a dhéanamh. Bhí luisne beag n-a sean-ghruaidh caithte, agus loinnir aisteach faoi n-a súil. Chonnaiceas an loinnir chéadna sin faoi shúil ghirrsighe sgoile bhéadh ar tí gníomh contabhairteach dhéanamh. Níor chuireas aon chainnt ar an tsean-mhnaoi faoi ádhbhar a meidhre. Tá aithne níos feárr ná sin agam uirri; tá sé doiligh rún a bhaint aisti—acht nach n-innseochaidh an aimsir dhom é?

Ghluais linn beirt ar an gcáirrín asail, mé féin agus an tseanbhean a raibh an meidhir rúnda n-a croidhe istigh....

* * *

Bhí an dúithche thart orainn ag gáiridh linn....

Grian bhuidhe an fhoghmhair ar eirghe i n-áirde sa spéir; an gleann agus an machaire ’n-a loch órdha aici; an crann ar leathtaobh na slighe

36