Page:An Crann Geagach.djvu/38

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


Bhí an lá ag gealadh. Ní raibh aon ghar agam codladh a dhéanamh. Is beag nár sgar mé go deó le bráithlínibh míne, le ballaibh bána, le tighthibh teólaidhe, le leabachaibh compóirteamhla, clúmhaighe agus imtheacht le comhnuidhe dhéanamh faoi ’n spéir arís—acht, thuit néal orm, aon néal beag bídeach fánach amháin....

* * *

Dúisigheadh mé de gheit.

Thionntuigh mé ar mo thaobh. Chuir mé leath-chluais orm féin. B’fhacas dom gur buaileadh rud éigin i n-aghaidh na fuinneóige.

“An bháisteach mhór,” arsa mise liom féin. “Cuma liom má dhéanann sé clagairt. Ní éireóchaidh mé indiu ar chor ar bith,” agus tharraing mé na héadaigh leapthan ’mo thimcheall.

Thosaigh mé ag cóireamh annsin ar eagla go dtiocfadh sean-námha an mhí-chodalta orm arís. Níor tháinic. Thuit néal eile orm....

An torann ag an bhfuinneóig arís! Céard bhí ann? Bhí mé ró-leisgeamhail éirghe. Bhí mé ró-leisgeahmail súil féin osgailt. Acht chuir mé cluas orm féin i n-aimhdheóin mo thola.

Ní’l aon bhreitheamhnas ag duine ar ghluaiseacht aimsire idir codladh agus dúiseacht dó; ní raibh fhios agam cé’n t-achar d’imthigh go dtáinic an torann arís. Acht tháinic sé. D’osgail mé súil. D’osgail mé an tsúil eile....

Bhí duine éigin amuigh ag caitheamh gainimh leis an bhfuinneóig, ag iarraidh mé dhúiseacht. Ní hí mo bheannacht fuair an duine sin, deirim-se leat....

34