Page:An Crann Geagach.djvu/37

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


Síneann sé na géaga beaga boga fionnruadha uaidh. Crapann sé suas arís iad. Tig drithle an aoibhnis n-a shúil leath-dhúnta. Cuireann sé “glú-ú-ú-ó-ó” uaidh le teann compóirte. Déanann sé lúb dhe féin le sástacht. Is amhlaidh bhí an sgéal agam-sa agus mé ag cur tuirse agus anró an bhóthair dhíom idir na bráithlíníbh glana bána. Mara ndeárna mé liathróid dhíom féin ar nós an naoidhneáin, ní ar an toil bhí an locht acht ar an gcnámh....

Thosuigh na smaointe ag brughadh isteach orm. Smaointe aisteacha fánacha bhí i gcuid díobh; acht ní túisge bheadh ceann díobh ag préamhú nó ag neadú ’mo inntinn ná dhíbhreóchadh ceann eile é. Bhíodar ag teacht chugam i ndiaidh chéile, agus os cionn a chéile, agus i n-aoinfheacht le chéile—smaointe fánacha seachránacha bhí ar fuaidreamh ar fud na cruinne leis an tsíoraidheacht, ag iarraidh áit le neadú agus le borradh agus le méadú, agus é ag cinnt orra go bhfuair siad an duine deórata dearóil seo ’n-a luighe idir na bráithlínibh neamhghnáthacha.

Nach mé rinne troid agus comhrac leó! Nach mé rinne coraidheacht agus coimhlint leó! Shíl mé breith ar cheann díobh agus an fhuil agus an bhrígh agus an súgh fháisgeadh as; acht d’éaluigh sé uaim. Ní raibh aon bhreith agam air, acht an oiread is bheadh agam ar mhaide gréine....

Acht ní túisge d’éaluigheadh ceann ná thigeadh ceann eile, bhí i bhfad níos measa, ’n-a ionad. Shíl mé gan áird thabhairt orra olc maith ná donaidhe: annsin d’éirigh siad dásach dána ar fad. Ba gheall le scata deamhan magamhail iad dom’ chiapadh agus dom chrádh....

33