Page:An Crann Geagach.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

gur file é, acht mar sin féin, seachain é. Tréigfidh sé i mbearnain an bhaoghail thú.

Cheapas féin é sin, ar chaoi ar bith, agus mé ’mo luighe sa seómra bheag bhán idir na bráithlínibh míne thar éis mí chaitheamh gan cnámh mo dhroma shíneadh ar leabaidh ná ar tholg.

Dhearg mé an phíopa agus chuir mé gail bhreagh ghorm éadtrom i n‑áirde uaim; agus dob’ áilne an crot tháinic ar an deatach sin ná aon chrot dá bhfaca me ar néaltaibh neimhe le eirghe gréime ariamh....


Chaith mé sgathamh deas ag féachaint ar néaltaibh an tobac bhí ag snámh go h‑aérach ós mo chionn agus mé sásta leis an saoghal aoibhinn seo.

An goradh tháinic ’mo bhallaibh beatha! Ná tráchtar liom-sa feasta ar an ngoradh tig ó’n ngréin agus tú ’do luighe ar do shuaimhneas ar phlásóig chaonaigh i dtosach an lae; ná tráchtar liom ar an ngoradh thig ó theinidh mhaith mhóir oidhche sheaca agus an domhan faoi chuing oidhre; ná tráchtar liom acht oiread, ar an ngoradh thig ó chneas an té dob’ annsa leat sa saoghal agus an bheirt agaibh le chéile i mbéal an uaignis; ná labhartar liom ’n‑a dtaobh, mar ní’l aon ghoradh díobh gur fiú cainnt air i gcomórtas leis an ngoradh thig i gcnámhaibh agus i ngéagaibh duine istigh idir dhá bhráithlín thar éis achar fada chaitheamh faoi spéarthaibh neimhe. Níl goradh ann go dtí é. Níl sogh ann go dtí é. Níl sástacht colna ann go dtí é....

An bhfaca tú naoidhneán ráite ’n‑a luighe n‑a pheilt ós comhair teineadh ariamh? Ar thug tú faoi deara chomh sásta suaimhneach is bhíos sé?

32