Page:An Crann Geagach.djvu/35

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


dhíon an bhotháin sléidhe dob’ fhogus dó? Tá sé maith go leór ag na filíbh bheith ag trácht ar na coilltibh dubha duaibhseacha, ar ghleanntaibh cheóigh, ar aibhneachaibh glégeala, ar spéarthaibh dubhghorma réaltógacha, ar an ngréin órdha, nó ar an londubh ag cantaireacht ’do chluais ar dhúiseacht dhuit ar maidin; acht thug mé féin mionn agus móid go dtréigfinn an chuid sin de mo shaoghal feasta, agus nach ndéanfainn codladh arís choidhche acht idir dhá bhráithlín i seómra bheag gan puth aéir ag éalughadh isteach orm, acht ballaí bána ’mo timcheall agus síléar bán ós mo chionn.

An tuirse sin, agus an sgíth! Agus caoi agam an sgíth a leigint, agus an tuirse chur dhíom! Bhfuil sogh de shoghaibh éagsamhla an tsaoghail le cur i gcomórtas leis? Ná bí ag trácht ar aoibhneas na bhflaitheas liom-sa: bíonn a fhlaitheas féin i gcroidhe gach duine, agus cá bhfios go réidhteóchadh do cheann-sa liom-sa, ná mo cheann-sa leat-sa. Acht an t-é nach dtaithnigheann leabaidh bhreagh clúmhaighe leis, an t-é nach dtaithnigheann piolúr agus adhart agus dhá bhráithlín bhána leis, is duine fealltach cealgach an duine sin. Ná bíodh aon mhuinghín agat as. Ná déan cumann ná bráithreachas leis. Ná déan cáirdeas ná caidreamh leis. Ní duine dá fhocal é....

An fear go mb’fheárr leis spéara dubhghorma réaltógacha ós a chionn ná síléar deas, an fear go mb’fheárr leis luighe ar an talamh faoi sgeich bhlathmhair chumhartha ná dhul isteach idir dhá bhráithlín, bí ar t’aire ar an duine sin. B’fhéidir

31